Ḃraiṫ sí go raiḃ sí ag faġáil toraḋ ar a guiḋe agus go raiḃ sí ag dul i luiġead go mear. Agus ḃí leis: ní raiḃ aċt deiċ n-órdlaċ anois innte, agus las a haġaiḋ agus a súilíní le háṫas nuair a ṫug sí fé ndeara go raiḃ an méid ceart innte ċum dul tríd an duirisín isteaċ ’sa ngáirdín áluinn úd. Aċt d’ḟan sí tamaillín feuċaint an searcóċ’ sí a ṫuille: ḃí roinnt scáṫa uirre in a ṫaoḃ so; “beidir,” arsaiġ sí léi féin, “gur aṁlaiḋ d’imṫeoċainn mar snab coindle. Ní ḟeadar conus a ḟeuċfainn annsin?” Agus ṡíl sí a ṫaḃairt ċum a haigne an deallraṁ ḃíonn ar lasair na coindle nuair a ṁúċtar an ċoindeal; ní ḃfuiġfeaḋ sí cuiṁneaṁ go ḃfaca sí a leiṫéid riaṁ.
Tar éis tamaill, nuair nár ḃain a ṫuille ḋí, ṡocruiġ sí ar ḋul ’sa ngáirdín gan stad; aċt oḃoċ! mo ċreaċ! nuair a ṡroiċ Eiḃlís ḃoċt an dorus beag ḃí an eoċairín óir dearṁadṫa aici, agus nuair a ċas sí go dtí an mbórd fé n-a ḋéin ní ḃfuiġfeaḋ sí teaċt air ċionn is í ḃeiṫ ró ḃeag: ċonnaic sí go soiléir é tríd an ngloine, agus ḋein sí a ḋíċeall ar ḋul suas ar ċeann de ċosa an ḃúird, aċt ḃí sé ró ṡleaṁain dí; agus nuair ḃí sí corṫa cráiḋte ó ḃeiṫ d’iarraiḋ teaċt air ṡuiḋ sí síos agus ġoil sí a sáiṫ.
“Seaḋ,” ar sí léi féin, “ní ḟuil aon tairḃe a ḃeiṫ ag gol; ċoṁairleóċainn duit éiriġe as láiṫreaċ bonn.” Is annaṁ nár ṫug sí coṁairle a leasa ḋí féin (ar a ṡon gur fánaċ ḋéineaḋ sí rud de), agus is minic a ṫug sí na deoraċa ċum a súile ag taḃairt scrios dí féin. Ba ċuiṁin léi uair a ṫug sí iarraċt ar ċlaḃtóg feaḋ n-a cluaise a ṫaḃairt dí féin mar ġeall is