trí lár an doṁain. Feuċfaiḋ sé an-ġreannaṁar teaċt amaċ i measc na ndaoine ḃíonn ag siuḃal le n-a gcinn fúṫa agus a gcosa in áirde. Caiṫfe mé ḟiaḟraiġe cadé an tír é. An é seo an Zéaland Nua nó Ástraoile, má’s é do ṫoil é, a ḃean uasal?” (Agus ḋein sí iarraċt ar a huṁaluġaḋ ḋeunaṁ — cuiṁniġ air, a huṁaluġaḋ ḋeunaṁ agus í ag tuitim i ndiaiḋ a cinn! An dóiġ leat go ḃfeudfá-sa é ḋeunaṁ?) “Is eaḋ, aċt deurfaiḋ sí gur dall an sórt gearr-ċaile beag mé. Ní ḋeunfaḋ sé an gnó ḋom é ḟiaḟraiġe in aon ċor; béidir go ḃfeicinn scríoḃṫa in áirde in áit éigin é.”
Síos, síos, síos. Ċrom Eiḃlís ag caint léi féin arís nuair ná raiḃ dada eile le deunaṁ aici. “Aireoċaiḋ Pingcín uaiṫe anoċt mé.” (Pingcín, an cat.) “Tá coinne agam ná dearṁadfaiḋ siad a sásar bainne a ṫaḃairt dí le linn an té ḋóiḃ. Pingcín boċt, b’ḟearr liom go mbeifeá anuas annso im’ ḟoċair. Ní ḟuil aon luċa le faġáil ’san aer, is dóiġ liom, aċt béidir go n-éireoċ’ leat breiṫ ar leaiḋbín-leaṫair, agus sin rud ná fuil aon ṁí-ḋeallraṁ aige le luċ. Aċt, mo ḋearṁad, ní ḟeadar an íosfaḋ cat leaiḋbín-leaṫair.” Ḃí an codlaḋ ag teaċt anois uirre, agus lean sí uirre ag caint léi féin mar ḃeaḋ sí ag taiḋreaṁ. “An íosfaḋ cat leaiḋbín-leaṫair? An íosfaḋ cat leaiḋbín-leaṫair?” agus anois agus arís ṫéiġeaḋ an ċaint tré n-a ċéile uirre agus ḋeireaḋ sí, “An íosfaḋ leaiḋbín-leaṫair cat?” Ba ṁar a ċéile é mar ná fuiġfeaḋ sí aon ċeist aca a ḟreagairt. Ṁoṫuiġ sí go raiḃ an codlaḋ dá traoċaḋ agus go raiḃ sí ’sa taiḋreaṁ; ṡíl sí go raiḃ sí ag siuḃal cois ar ċois le