Jump to content

Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/118

From Wikisource
This page has not been proofread.
110
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Ḋúisiġ an Ollṗiast agus ḃain sé stracaḋ as a ṡúile; d’ḟeuċ sé i ndiaiḋ na Bainríoġna go raiḃ sí imṫiġṫe as a raḋarc, annsin ċrom sé a’ sciṫireaċt gáire agus ag caint leis féin. “A ċiallaċ!” ar sé sin, “naċ mór an greann é.”

“Cá ḃfuil an greann?” arsaiġ Eiḃlís “Don Ḃainríoġain atá mé ag tagairt,” arsaiġ an Ollṗiast; “ní ḟuil sí aċt ag leigint uirre; ní ḃaineann siad an ceann d’aoinne annso. Siuḃal leat.”

“Tá an focal sin i mbeul gaċ aoinne annso,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “siuḃal leat, siuḃal leat, ag gaċ aoinne; níor cuireaḋ an oiread órduiġṫe riaṁ im’ ṡaoġal orm.”

Is gairid a ċuadar nuair a ċonnacadar tamall uaṫa agus é in a ṡuiḋe ar stolla ċloiċe an Gárlaċ Sliogánaċ, é ag feuċaint go duḃaċ, duḃrónaċ, uaigneaċ, agus gaċ aon osnaḋ as gur ḋóiġ leat go ndeunfaḋ ḋá leaṫ dá ċroiḋe. Ḃí an-ṫruaġ ag Eiḃlís dó. D’ḟiaḟraiġ sí den Ollṗiast cad a ḃain don duine boċt gur ṫuit sé ċoṁ mór sin i mbrón.

“Ní ḟuil aon ċúrsaí bróin aige sin, a inġean óiġ,” arsaiġ an Ollṗiast, “aċt is dóiġ leis go ḃfuil. Siuḃail leat!”

D’imṫiġeadar leo suas go dtí an áit a raiḃ An Gárlaċ. Ḃí a ḋá ṡúil atṫa ó ḃeiṫ ag gol. Níor ċuir sé aon ḟáilte rómpa.

“Teastuiġeann ón ngearrċaile seo,” arsaiġ an Ollṗiast, “fios fáṫ do scéil agus do ċúrsaí bróin d’ḟaġáil uait, teastuiġeann sin.”

“Suiḋiḋ annso im’ ḟiaḋnaise, siḃ araon,” arsaiġ an Gárlaċ, “agus léireo’ mé ḋí é, aċt ná laḃarfaiḋ aoinne agaiḃ aon ḟocal amaċ as a ḃeul go mbeiḋ deireaḋ agam-sa lem’ sceul.”