ġlas aċt aṁáin an Rí agus an Ḃainríoġain agus Eiḃlís.
Stad an Ḃainríoġain go hobann agus saoṫar uirre, agus d’ḟiaḟraiġ sí ḋ’Eiḃlís a ḃfaca sí riaṁ an Gárlaċ Sliogánaċ.
Duḃairt Eiḃlís ná facaiḋ, agus rud eile ná raiḃ a ḟios aici cadé an sórt é in aon ċor an Gárlaċ Sliogánaċ seo.
“As sin,” arsaiġ an Ḃainríoġain, “a ḋéin- tear an súp.”
“Ní ḟaca mé ceann aca riaṁ,” arsaiġ Eiḃlís, “agus rud eile, níor airiġ mé tráċt orra.”
“Siubail leat, má’s eaḋ,” arsaiġ an Ḃain- ríoġain, “agus inneosa sé a sceul duit.”
Nuair ḃíodar ag imṫeaċt d’airiġ Eiḃlís an Rí á ráḋ go híseal leis an gcuideaċta, “Tá siḃ go léir saor arís!”
“Is maiṫ é sin,” arsaiġ Eiḃlís; ḃí sí an- ḃuaḋarṫa mar ġeall ar an méid d’órduiġ an Ḃainríoġain a ḋí-ċeannaḋ.
’San imṫeaċt dóiḃ casaḋ Ollṗiast orra agus é in a ṫrom-ċodlaḋ ’sa ġréin ’sa ċasán rómpa. (An t-ollṗiast so fiolar b’eaḋ an leaṫ tosaiġ de agus leoṁan b’eaḋ an leaṫ eile.) “Éiriġ, a scraiste díoṁaoin!” arsaiġ an Ḃainríoġain, “agus teasbáin don ḃean uasal so an Gárlaċ Sliogánaċ. Caiṫfe mise casaḋ ṫar n-ais ċum feuċaint i ndiaiḋ roinnt dí-ċeannaḋ tá órduiġṫe agam,” agus ċuir sí ḋí, agus d’ḟág sí Eiḃlís agus an Ollṗiast annsin i gcuideaċtain a ċéile. Ní ró ṁaiṫ a ṫaiṫniġ deallraṁ na hOllṗéiste le hEiḃlís, aċt mar sin féin ċreid sí go mbeaḋ sé ċoṁ sáḃálta ḋí a ḃeiṫ in a ḟoċair le ḃeiṫ i gcuid- eaċtain na Bainríoġna allta sin.