aoinne ag fuireaċ leis an duine eile; gaċ aoinne ag troid agus ag bruiḋean agus ag aċrann, agus ba ġairid go raiḃ an Ḃainríoġain ar ḋearg-ḃuile agus í ag imṫeaċt ar fuaid na páirce ag bualaḋ a coise ar an talaṁ agus ag screuċaḋ amaċ le hárd-ḃinib: “Scuab an ceann de,” nó “Scuab an ceann dí,” gaċ aon nómant.
Ḃí roinnt scáṫa ag teaċt ar Eiḃlís: ní raiḃ sí tar éis aon aċrann a ḃeiṫ aici leis an mBainríoġain suas go dtí so, aċt ḃí sí ag coinne leis aon nómant, “agus annsin,” arsaiġ sí léi féin, “cad a ḋeunfainn? Tá an tiubaist orra annso ċum na cinn a scuabaḋ de na daoine le gaċ aon fíge fíge. Ní ḟeadar conus tá aoinne beo in a measc.”
Ḃí sí ag feuċaint ṫimċeall ċum sliġe éigin a ċeapaḋ ċum euló’ léi nuair ṫug sí fé ndeara rud éigin ait ’sa spéir. B’ait léi go mór an ċeud uair é, aċt i gcionn cúpla nómant ḋein sí amaċ gur drana é agus aduḃairt sí léi féin gurḃ’ é an Cat Cláraċ é ċoṁ siurálta le haon rud, agus go mbeaḋ duine éigin anois aici ċum cainte léi.
“’Dé ’n sceul é,” arsaiġ an Cat ċoṁ luaṫ agus do ḃí a ḃeul fásta go leor ċum laḃarṫa.
D’ḟan Eiḃlís gan aon ḟreagra a ṫaḃairt air gur ḟás a ṡúile, “agus ’dé ṁaiṫ laḃairt leis,” ar sí sin léi féin, “go mbeiḋ a ċluasa aige nó go mbeiḋ leaṫ-ċluas aige pé sceul é.” Is gairid go raiḃ a ċeann go léir le feicsin aici, agus annsin leag sí uaiṫe an corr-iasc ḃí aici agus ṫosnuiġ sí ag léiriuġaḋ ḋó i dtaoḃ an ċluiċe agus áṫas uirre go raiḃ duine éigin aici ċum éisteaċt léi. Ḃí an Cat sásta anois