Ḃainríoġain! An Ḃainríoġain!” agus ar an nómant do ċaiṫ an triúr garraiḋeadóir iad féin ar a mbeul agus a n-aġaiḋ ar an talaṁ. D’airiġeaḋ foṫram mar ḃeaḋ go leor daoine ag siuḃal agus d’ḟeuċ Eiḃlís taoḃ ṫiar dí, mar ba ṁaiṫ léi an Ḃainríoġain d’ḟeicsin.
Ḃí deiċeanaḃar saiġdiúirí ar tosaċ agus bataí aca. Ḃíodar díreaċ ar ḋeunaṁ na ngarraiḋeadóir .i. ar ḋeunaṁ cártaí, agus na cosa agus na láṁa ag na cúinní; in a ndiaiḋ sin aniar ṫáinig deiċeanaḃar de luċt Ṗáláis an Ríoġ; ḃíodar so go léir órnáidiġṫe le Muilliotaí, agus iad ag siuḃal in a mbeirt agus in a mbeirt mar ḃí na saiġdiúirí. Díreaċ ag a sála so ṫáinig clann an Ríoġ: deiċea- naḃar díoḃ so ḃí ann leis, agus ḃíodar ag léimriġ agus ag preabarnaiġ agus ag deunaṁ grinn agus meiḋir dóiḃ féin, greim ar láṁa ag gaċ aon ḃeirt aca ar a ċéile agus a gcroiceann go léir buailte le Hartanna. In a ndiaiḋ sin go léir ṫáinig an dream a ḃí ar cuaird aca — riġṫe agus bainríoġainí iad go léir, geall leis — aċt cé ḃeaḋ istiġ in a measc aċt an Coinín Gléigeal. Ḃí sé ag caint go mear agus saġas criṫeán ann, fáṫ an ġáire in a ḃeul le gaċ aon rud a ḋeurfaí, agus ġaiḃ sé ṫar Eiḃlís gan aon tsuim a ċur innte. Annsin isé duine ṫáinig aċt An Cuireata Hart agus coróin an Ríoġ idir a ḋá láiṁ aige leagṫa in áirde ar ċuisín deunta de ṡíoda corcra; agus in a ndeireaḋ ṫiar ṫáinig an Rí agus an Ḃainríoġain Hart.
Ní raiḃ a ḟios ag Eiḃlís ná gur ċeart dí í féin a ċaiṫeaṁ ar a beul a’s a haġaiḋ mar a ḋein na garraiḋeadóirí, aċt níor airiġ sí riaṁ