de’n scéalaiḋeaċt. Ċimeád sé i n’aigne an uile ḟocal d’ár léiġ sé ar ċóṁracaiḃ, ar ġleiceanaiḃ, ar aiġneas, ar ċoíṁsgar, ar ḃuillíḃ troma, ar ġonaiḃ125 marḃuiġṫeaċa, ar ṡuiriġe, ar ġráḋ, ar éad, ar ḋíoġaltas, ar an uile ṡaġas ruda dob’ iongantaiġe agus ba ḋeacra a ċreideaṁaint ’ná ’ċéile; agus é lán-deiṁniġṫeaċ gur ḋuine a ḃeaḋ as a ṁeaḃair adéarfaḋ nár ḃ’ḟírinne ġlan an uile ḟocal de’n130 ráiméis sin go léir. Na daoine do sgríoḃ na leaḃair a d’iarraiḋ buaḋaċtaint ar a ċéile i n-innsint an éiṫiġ; dá gcuireaḋ duine acu bréag ṁór síos nár ḃ’ḟoláir le duine eile bréag ba ḋá ṁó ’ná í do ċur síos; agus an duin’uasal boċt lán-deiṁniġṫeaċ135 gur ḃ’é rud a ḃíoḋ ṫíos ná fírinne ba ḋá ṁó.
Fé ḋeire do ċuaiḋ d’á ṁeaḃair. Ḃíoḋ sé ag déanaṁ comparáide idir na ridiríḃ móra. Ridire tréan, dar leis, ab’ eaḋ an Síd Ruí Díás; aċ ní raiḃ aon ḃreiṫ aige ar Ridire an Ċlaiḋiṁ Ṡoluis, an fear140 a ḃí ag cóṁrac leis an dá ḟaṫaċ ṁóra, agus do ṁairḃ iad araon le h-aon sguab-ḃuille aṁáin de’n ċlaiḋeaṁ; agus do ċuir oiread san nirt leis an mbuille sin gur deineaḋ ḋá leaṫ de gaċ faṫaċ díoḃ, díreaċ mar a ḋéanfaḋ speal ḋá leaṫ de gaċ broḃ145 de ḋá ḃroḃ luaċra!
Isé rud a ṫáinig fé ḋeire as an maċtnaṁ san dó, agus as an gcomparáid sin a ḃíoḋ aige ’á ḋéanaṁ idir na ridiríḃ fáin, ná gur buaileaḋ isteaċ i n’aigne go daingean go raiḃ ceangailte air féin imṫeaċt150 ’na ridire fáin mar iad! Gur b’é a ḋualgas, ó ṫuig sé an sgéal níb’ ḟeárr ’ná mar a ṫuig aoinne eile an uair sin é, arm agus éide do ġlacaḋ, arm cosanta do ċur uime, a ċlaiḋeaṁ agus a sgiaṫ agus a ṡleaġ do ṫógaint; dul ar muin a ċapaill, agus annsan155