37
"Cuirim mo ċoimirc ort, a Rí na ḃFiann, agus an
ḟuil ḋílis atá in do neart léig mé fá do sciaṫ agus
coisg orm an fear maol agus a ċuid cloċ."
"Ó," arsa Fionn, "ní coimirc duit dul fá mo sciaṫ-sa, mar níl aon rud do ċoisg mé riaṁ ar an ḃfear maol naċ é sin is mó doġeunaḋ sé é, aċt breiṫeaṁain ċuirim insan ċás, agus adeirim aríst gur cóir é a ḃreiṫ, an dá ḋías laoċ dul ċum spáil spairne agus cibé agaiḃ ḃeiḋ ar lár an ceann do ḃaint de."
Cadé an greim d’órduiġ Conan do ḃreiṫ ar an ogláċ aċt greim seangáin agus cnáṁa géill agus d’airiġ na Fiannta Páil an tuairt .i. tuitim do ḃain Conán amaċ as a ċorp.
"Do ġreim fime feiḋme ṫáir ar lár, ġruagaiġ ḃig ṫáinig i gcéin, tair liom dtí ’m lic [ċum mo lice] léiṫe feuċaint an ḃfuil mo lom ġeoir igceart i ḃfaoḃar." aduḃairt Conán.
Nuair d’airiġ an Gruagaċ Conán ag tráċt ar an gclaiḋeaṁ agus é ar lár, do ṡín sé amaċ a ḋá láiṁ, d’iarr sé foras d’á ḋrom agus le neart eagla roiṁ an mbás nior d’ḟan beó aċt ḋá ġigeán cuisle do ḃí in a ċeann do ḃí ag bualaḋ i gcúl a ċinn.
"Maiṫ," arsa Conán, "dá mbaḋ ċanncas ort tú d’ḟágaint [fágḃáil] beó, ní ṁarḃóċa mé ṫu."
D’imṫiġ innsin Conán agus Fionn Mac Cuṁaill agus seaċt gcaṫa na gnáṫ Ḟinn Féinne ag ól go dtí tiġ ósda do ḃí ag Caṫair na Sluaġ i rioṫ aon lá deug. Ṫáinig an Gruagaċ ċuige ḟéineaċ agus d’euluiġ do ḃaile don nGréig. I gcionn aon lá deug d’Fiannaiḃ Éireann, do ḃuaileadar amaċ as tiġ an ósda. Doċuaiḋ Conán agus Fionn ar ḃarr na faille ag feucaint an raiḃ aon tóir ag teaċt fá n-a ndéin. Do ċonnaiciġeadar ċuċa an Gruagaċ an dara huair go donn dána i measc na ḃfear, roiṁ aon ḟear níor ġlac eagla agus roiṁ aon ḟear níor ġlac sgát aċt d’ḟógair sé go hárd ar Ḟianntaiḃ Páil