25
a oiread airgid is ná caiṫfeaḋ ar ṫáinig [a dtáinig] roṁat ná a dtiocfaiḋ i do ḋiaiḋ.10 Slán agut anois. N’ḟeicfe tú mise go deóiḋ arís."
NA SCLÁḂUIḊṪE.
Art. —Bail Dé innso isteaċ ar maidin.
Bean an tiġe. —Dia ’s Muire ’s Pádruig duit. Sé do ḃeaṫa sa ċuġainn.
A.—Go maire tú, a ḃean an tiġe. An ag iṫe atá siḃ? Fanaiḋ siar ó n-a ċéile.1
B. an t.—Maite,2 is aṁlaiḋ atáimíd ag bruḋaḋ le n-a ċéile. Tair agus deun duine eadrainn bí ar ḋuine againn.
A.—Go raiḃ maiṫ agat, a ḃean an tiġe. Ba ṫúisce luaiṫe mé féin ioná siḃ. Atá sé caiṫte ċeana agam.
B. an t.—Maite is iongantaċ na moċóirġe [an ṁoiċéirġe] doriġne tú ar maidin.3 Rud is annaṁ is iongantaċ. Is é an rud ḃíonn [ḃíos] agamsa4 go minic ioná moċóirġe Conċuḃair na gCriaṫar, maidin doṫ moċ agus ḋá ṁaidin déiḋeanaċ.
Seán.—Atá sé ċoṁ maiṫ agat,5 a ḃean ḃoċt. Ní beag duit a ḟaid do ḃí tú ag éirġe doṫ6 agus rud eile, nuair ḃíonn ḃíos an t-aos ag druideaṁaint le duine, is maiṫ leis tamall teólaiḋeaċta ar maidin.
A.—Seaḋ, a Ṡeáain, agus mar adeir an sean-ḟocal, an té ná bíonn bólaċt ar ċnoc aige, bíoḋ suaiṁneas insan sop aige.7
B.—Ó ṁaiseaḋ, ó b’annaṁ leis an gcat sraṫair do ċur air,8 is tú atá go deas-ċainteaċ ar maidin.
S.—A ḃean an tiġe, nár airiḋ tú riaṁ ná tiuḃraḋ sluaġ Ṁorċaiḋ9 caint do na mnáiḃ nuair ḃíonn [ḃíos] an té ólta aca.
A.—Á ḋe cadé an ṁait ann mar ṫé nuair bíonn sé cosnoċtuiġṫe. Éiriġiḋ agus buailiḋ amaċ go raġai- míd ag deunaṁ rud éigin leis an ruainnín féir atá