Jump to content

Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/18

From Wikisource
This page has been proofread.

10

ḃuail an scoláire boċt isteaċ innsin agus do léiġ sé na litreaċa do ḃí ar an gcórcán. Sean-scríoḃaḋ éigin do ḃí ann fad ó [anallód] ba eaḋ do ḃí air.13 Is é an rud do ḃí scríoḃṫa air aċt gurḃ mó an corcán eile do ḃí le n-a ais ioná é sin. Nuair do léiġ an scoláire cad do ḃí scríoḃṫa air, d’ḟiarfaiġ sé de ḃean an tiġe, cá ḃfuair sí an corcán. Aduḃairt sí gur tamall de fuair sí. D’imṫiġ sé innsin ar ċeann na hoiḋċe,14 agus d’iarr sé lóistín ar ḃean [mnaoi] an ċorcáin. Aduḃairt sí go ḃfuiġḃeaḋ agus fáilte, “cibé mar doriġneamar tamall ó ċoin, do-ġeoḃaimíd feudfaimíd é do ṫaḃairt anois duit, agus fáilte.” “A ḃean an tiġe," arsa sé, “cá ḃfuair tú an corcán so.” “Is cuma cá ḃfuair mé é.” “Atá a ṫuilleaḋ,” arsa sé, “mar a[n] raiḃ an corcán so.” D’innis sí ḋó innsin cá ḃfuaraḋ [ḃfrioṫ] é. “Atá go maiṫ,” arsa an scoláire, “raġaimíd fá ḋéin an ceann [ċinn] eile, aċt ní mór dúinn congnaṁ.”15 “Téiġir fá ḋéin do ḋearḃráṫar,”16 arsa sí le n-a fear. “Atá go maiṫ,” ars an scoláire, “raġaimíd i dtríur17 ann anoċt.” Doċuaiḋ a ḋearḃráṫair innsin, agus an fear agus an scoláire boċt fá ḋéin an ċorcáin. Do ċuir an scoláire boċt innsin fear an tiġe leiṫ is amuiġ den ċlaiḋe, agus do ċuir sé an dear-ḃráṫair ag pollaḋ leis an ráṁainn. D’ḟan sé féin ós a ċionn in áirde18 go raiḃ an áit glan aige. Ċoṁ luaṫ is do ḃí sí glan aige, do ḃeir [do rug] an scoláire boċt ar an gcorcán, agus do ċaiṫ sé go dtí an dear-ḃráṫair eile ar an taoḃ is amuiġ den ċlaiḋe é. Doċuaiḋ an scoláire boċt agus an dearḃráṫair de léim ṫar an gclaiḋe. Ní raḃadar aċt ṫar an gclaiḋe nuair do ḃualaḋ an claiḋe. Doċuadar isteaċ innsin, agus do ḃí an coscán lán de ór buiḋe. Ṫug sé scair de don dearḃráṫair innsin agus scair eile don scoláire boċt.

An maiġistir do ḃí orra,19 do ḃí a ċuid ar caint [Eng.] agus báillí air agus i gcionn cúpla lá is eaḋ