Jump to content

Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/14

From Wikisource
This page has been proofread.

6

sínfeaḋ sé féin fa an siota nó go dtí go mbeaḋ sé i gcóir aige agus “glaoḋaiġ [glaoḋ] orm innsin,” arsa sé leis an mac. “Atá go maiṫ,” arsa an mac, “doġeunad.” Fuair sé an corcán agus do ḃí sé dá rinnseáil amaċ ṫar cliaṫán an ḃáid. Do ṡleaṁnaiġ an corcán uaiḋ agus do ṫuit sé síos go tón poill.4 Do ḃí an t-aṫair an-ċruaiḋ ar an ngarsúr, agus do ḃíoḋ sé ag bruiḋean leis i gcoṁnuiḋe.

Aduḃairt an mac leis na fearaiḃ cibé mar doriġne sé riaṁ,5 go mbeaḋ sé marḃ anois mar ġeall ar an gcorcán. Aduḃairt na fearaiḃ [fir] leis, i mbasa go mbeaḋ. “Fanaigi [fanaiḋ] go fóill,” ar sé sin, “feuċ, deunaigi-se [deunaiḋ-se] teud orm-sa go lomdoċaraċ [go doċt]6 agus raġad-sa síos fá n-a ḋéin.” “An fonn atá ort tú féin do ḃáḋaḋ?”7 arsa na fearaiḃ [fir]. “Cadé an baoġal ḃeiḋ orm, nuair ḃeiḋ an teud orm?” aduḃairt sé leoṫa. Do ḋeineadar [doriġneadar] an teud air. “Anois,” ar sé sin, “nuair ḃead-sa ṫíos, agus bainfe mé tarraingt as an téid, conġḃaiġiḋ greim maiṫ uirri innsin.”8 “Atá go maiṫ,” ar siad sin, “síos leat in ainm Dé.”9 Doċuaiḋ agus nuair doċuaiḋ sé síos go dtí tón poill10 do ḃí an corcán leaṫ-is-amuiġ ḋe ḋoras tiġe agus ṫáinig iongantas air nuair do-ċonnaic sé an tiġ agus an doras oscailte agus gan aon ḃaoġal ar an uisce do ḋul isteaċ ann11 agus gan aon rud ṫimċeall air naċ [aċt] oitir ḃreáġḋa gainṁe. Doċuaiḋ sé isteaċ insan tiġ agus ní ḟaca sé aoinneaċ istiġ aċt sean-duine beag críon aosta in a ṡuiḋe cois na teineaḋ agus é ag caiteaṁ a ṗíopa. Do ḃeannaiġ an garsún dó agus do ḃeannaiġ sin ḋó sin,12 agus do ċuir sé fáilte roiṁe. Aduḃairt sé leis teaċt aníos agus suiḋe innso le n-a ais go mbeaḋ gail aige. “Go raiḃ maiṫ agat, a ḟir an tiġe,” arsa an garsún, “níor ċuireas cois [cos] píopa13 i mo ḃeul riaṁ.” “Maran [muna] ndeárnais féin; ní ḋiongna gal dem ṗíopa-sa díoġḃáil ar doṁan