Jump to content

Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/66

From Wikisource
This page has been proofread.

60

(is) amuiġ. Do ṡeasaiġ an reiṫe i lár an teinteáin agus an tarḃ i lár an ṁaċa. Do ṡuiḋ Roibeárd i gcúinne an tiġe ar ṡean-ḃosca.

Níor ḃfada go dtáinig stracaire isteaċ ċuċa agus tromán maiṫ fá an oscaill aige. Do ċaiṫ sé uaiḋ é agus do ċuaiḋ sé go dtí bosca an tsolais ċum an solas do lasaḋ. Do ċuir an cat crúca ann. “Diog ort, a ṡean-ċailliġ, maran [munab] innealta atá do ċárdaí agat. Atá mo láṁ millte agat.” Do ċuaiḋ sé annsin go dtí an teine agus do ḃuail an madra treasna an ḃéil le hiarraċt dá earball é. Do ḃuail an reiṫe le hiarraċt dá ċeann é agus dóbair go mbrisfiḋe a ċeann i gcoinne an hiarta. Ṫáinig eagla air agus do ḃí sé ag teiċeaḋ leis féin agus ag gaḃáil amaċ dó, do ḃain an gandal pluic na coise ḋé. Nuair do ċuaiḋ sé amaċ do ḃuail an tarḃ aḋarc fé agus do ċaiṫ sé in áirde ar an tiġ é. Do luig an coileaċ ċuige agus níor ḟág sé pioc dé gan scríobaḋ le n-a sgiaṫánaiḃ agus le n-a ċrúbaiḃ. Do ṫuit sé anuas agus do ṫeiċ sé leis agus scannraḋ air go dtí ar ċuaiḋ sé go dtí beirt ċomrádaiḋe ḃí ag fuireaċ leis i gcúinne na coille. Aduḃairt sé go raiḃ sé marḃ mar ġeall orra. D’ḟiafruiġeadar dé cad ḃain dó. Aduḃairt sé leo nuair ċuaiḋ sé ċum an solas do lasaḋ go raiḃ sean-ḃean ag cárdáil ann agus gur scríoḃ sí a raiḃ de ḟuil agus de ḟeóil ar a láṁaiḃ. “Do ċuaiḋ mé annsin go dtí an teine,” ar seisean. “Do ḃí sean-ḃean eile ag déanaṁ leitean ann agus do ḃuail sí le bata na leitean [ar] feaḋ an ḃéil mé agus níor ḟág sí fiacail i mo ċeann nár ḃris sí. Do ḃí croċaire gaḃann i lár an teinteáin. Do ḃuail sé le hiarraċt d’órd mé sa drom agus dóbair go marḃóċṫaiḋe [muirḃfiḋe] i gcoinne an hiarta mé. Do ḃíos ag riṫ ar éigean amaċ an doras. Do ḃí sean-ċaibléir dé [ar an taoḃ] ṫiar de an doras agus do ḃain sé lán a ṗeansúir as ṗluc mo ċoise. Nuair ṫáinig mé amaċ do ḃí fear in a ṡeasaṁ