imṫiġṫe as. An ċuid ḃeag acu, áṁtaċ, do sgaip an cóhort ṗraetóriaċ, ḃíodar aistriġṫe beagán, aċ ní raiḃ gom i ḃfear acu aċ goin ṫosaiġ. Do fuaraḋ Catilína féin aḃfad ó n-a ṁuinntir, ameasg corp a naṁad. Ḃí an anál fós ann, agus ḃi ’n-a ġnúis an ḟeuċaint ċoíṫeaċ a ḃí aige i gcaiṫeaṁ a ḃeaṫa. Agus so: as an sluaġ go léir, sa ċaṫ ná sa ruaig, níor deineaḋ príosúnaċ d’oiread agus aon tsaor-Róṁánaċ aṁáin. ’Ġá ṫaisbeáint go raḃadar ċóṁ beag beann ar a n-anam féin agus ḃíodar dian ar anam a naṁad.
Agus go deiṁin ní buaḋ gan doċma do rug na Róṁánaiġ an lá san aċ buaḋ fuilteaċ, brónaċ. Ḃí na fir ba ṫreise orṫa sínte marḃ, nú gonta go h-olc. Agus a lán a ḋ’imṫiġ as an longṗort amaċ go h-áit an ċaṫa, ċun feuċaint nú ċun foġla, nuair a ḋ’iompuiġdís corp naṁad is duine muinntearṫa a ġeiḃeaḋ duine, is cara a ġeiḃeaḋ duine eile, nú gaol, nú naṁaid dó a ḋ’aiṫniġeaḋ sé. Ar an gcuma san, ḃí le feisgint, tríd an sluaġ go léir, áṫas, brón, buairt agus luaṫgáir, ag measgaḋ an a ċéile.