catilina . iú ṫaḃairt isteaċ, agus duḃairt sé le Flaccus, an praetor, an bosca agus an Leitir a ḃí fáġalta aige ó sna teaċtairíḃ do ṫaḃairt leis ċun na h-áite céadna. - !lVÍL Ansan do ceistiġeaḋ Volturcius i dtaoḃ na Leitire, agus cá raiḃ sé ag duL,. agus cad a ḃí aige ’á ḃeartú. I dtosaċ bára do ċeap sé bréaga agus ṡéan sé rún ar an gceilg. Ansan do geallaḋ comairce an stáit dó aċ an ḟírinne ḋ’innsint agus do sgaoil sé amaċ gaċ aon rud fé mar a ṫárla. Duḃairt gur ġlac Gabinius - agus Caeparius ’n-a ċóṁalta é beagán laeṫanta roimis sin agus ná raiḃ a ṫuille eóLuis aige aċ mar a ḃí ag na teaċtairíḃ. Aċ go n-airiġeaḋ Gabinius ’ġá ráḋ go raiḃ P. Autronius agus SerVius Sulla agus L. Vargunteius. agus a lán nár b’iad, sáiḋte sa ĊóṁċeiLg sin. D’adṁuiġ na teaĊtairí an rud céadna, agus ṫugadar an t-éiṫeaċ do Lentulus agus é ag séanaḋ an sgéil. Ḃréagnuiġdar é ní h-aṁáin leis an leitir aċ Leis na ċainnteanaiḃ mar an gcéadna, a ḃíoḋ ar siuḃal aige. Go ndeireaḋ sé go raiḃ, Ó sna leaḃraiḃ Sibulínaċa, ríġeaċt na Róṁa i ndán do ṫriúr Cornéiliaċ. Gur ḃ’iad Cinna agus Sulla an ċéad ḃeirt agus gur ḃ’é féin an tríṁaḋ duine n-a raiḃ i ndán dó forláṁas na caṫaraċ do ġaḃáil. Gur ḃ’ í sin an fiċṁaḋ bliain ó losgaḋ an Ċapitólium agus go nduḃairt na hauruspices go minic as na cóṁarṫaíḃ a ċídís go mbeaḋ sí ’n-a bliain ḟuiltiġ le cogaḋ Róṁanaċ eatarṫa féin. Ansan do taisbeánaḋ do gaċ aoinne a ṡéala féin ṫíos leis an sgríḃinn agus do léiġeaḋ an sgríḃinn. Do ċin an tseanaid ansan go gcaiṫnaḋ Lentulus an oific ṗoibiliḋe a ḃí
Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/49
Appearance