CATI LÍ NA SO socair aige ar gaċ aon rud do ċeiLt. Ċuir se gnúis uṁluiġeaċta air féin, mar ḃeaḋ sé ’ġá ċaiṫeaṁ féin suas orṫa. D’iarr sé ar na h-Aiṫreaċaiḃ gan aon níḋ do ċreideaṁaint go h-oban ’n-a ċoinniḃ. Ó n-a ṡínsear, agus ó’n gcuma n-a raiḃ a ḃeaṫa caiṫte aige, nár ṁiste Ḋó súil a ḃeiṫ aige go raiḃ gaċ aon rud fóġanta 'n-a ċóir, gur de ṡíolraċ na n-Aiṫreaċa é féin. Gan a ċeapaḋ 'n-a n-aigne, tar éis a raiḃ déanta aige féin agus agá ṡínsear uasal de ṫairḃṫe do ṗobul na Róṁa, gur ṫeastuiġ uaiḋ íde ḋéanaṁ ar an stát; agus go ndéanfaḋ Marcus TulLius, an Róṁanaċ iasaċta so, an stát do ċosaint air. Ṫug sé a lán spídiúċáin uaiḋ. Do ḃris ar an ḃfoiḋne acu go léir. Do sgreadadar go fíoċṁar ’n-a ċoinniḃ. Ṫugadar naṁaid air, agus fionġalaċ. . Ansan do ḃris an droċ aigne amaċ aige. “ Táid mo naṁaid am’ ṫímpal! ” ar seisean. .“ Táid m’eascáirde ’am’ ċoṁáint! Tá go maiṫ. An teine atá d’á lasaḋ am’ ṫímpal múċfad í le léirsgrios ! ” Agus do riṫ sé amaċ a’ tiġ na seanaide agus ċuaiḋ sé aḃaile ċun a ṫiġe féin. !OOOL Nuair a ḃí sé sa ḃaile ċrom se ar ṁaċtnaṁ. Ḃí teipiṫe ar na h-iaraċtaíḃ a ḃí déanta aige ar an gConsul do ṁarḃú. Mor ḃ’ ḟéidir an ċaṫair do ċur tré ṫeine, mar ḃí an Luċt faire ’ġá cosnaṁ. Ṫuig sé gur ḃ’ é a ḃuac a ṡluaġ do ċur i méid, agus, sar a ndéanfí sLóiġte na caṫaraċ do ġLeusaḋ, greim roim ré a ḃeiṫ aige féin ar na neiṫiḃ a ḃí tairḃṫeaċ ċun cogaiḋ. D’imṫiġ sé i lár na h-oiḋċe, agus buiḋean ḃeag le n-a ċois, go longṗort Ṁanlius. Sar ar imṫiġ sé. áṁṫaċ, do laḃair sé le Cetégus
Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/35
Appearance