fuil, troid idir ċóṁarsanaiḃ, robáiL; siniad na neiṫe do ṫaiṫn leis agus do ċleaċt sé ó n’ óige. Ḃí folag aige ar ocras, ar easba codlata, ar ḟuaċt, ṫar mar ab ḟéidir a ċreideaṁaint náċ mór. Ḃí sé dána; gasta; aṫruiġṫeaċ i n’ aigne; ábalta ar aon níḋ ba ṁaiṫ leis do leogaint air; dúilṁar i gcuid an ḟir ṫall; rabairneaċ le n-a ċuid féin; dian ’n-a ḋúil; maiṫ go leór ċun cainnte ḋéanaṁ; ar ḃeagán céille. Ní ṡásóċaḋ aon rud ċoiḋċe a ċroiḋe míċuiḃsaċ, folaṁ, aċ neiṫe móra, neiṫe ró árda, neiṫe ḃeaḋ ṫar na beartaiḃ.
Tar éis annsmaċta Lucíí Sullae do buaileaḋ isteaċ i n-aigne an ḟir sin forláṁas an stáit Róṁánaiġ do ġaḃáil dó féin. Níor ḋein sé aon ṁaċtnaṁ, áṁṫaċ, ar na neiṫiḃ a ḃí riaċtanaċ dó ċun na gaḃála san do ḋéanaṁ. Ba ċuma leis aċ go ndéanfaḋ sé rí ḋe féin. Ḃí an croiḋe fiain ann dá ġríosaḋ i n-aġaiḋ an lae nuair a ċuiṁniġeaḋ sé ar a ḋroċ ġníoṁarṫaiḃ agus ar ṡuaraiġeaċt na maoine a ḃí aige, agus é ag méadú na ndroċ ġníoṁarṫa agus ag luiġdú na maoine, mar a h-innseaḋ ṫuas. Ḃí droċ ṡampla na caṫaraċ, leis, ’ġá ċomáint ar a aiṁleas. Ċonaic sé ḋá níḋ ann agus iad ag gaḃáil i gcoinniḃ a ċéile agus iad araon go h-olc, sainnt agus craos.
Ó’s ag tráċt ar ċleactaiḃ na caṫaraċ dúinn é cuirean an níḋ féin i gcuiṁne ḋúinn náċ miste feuċaint siar agus focal do ráḋ i dtaoḃ na ngnóṫaí a ḃí ar bun ag ár sínsear amuiċ agus i mbaile; conas a ċimeádadar an stát agus a ċalmaċt a ḋ’ḟágadar é; agus ansan conas, ó ḃeiṫ i mbárr áilneaċta, d’aṫaruiġ sé i ndiaiḋ