cúpla focal nár ṫuig Páidín; d’ḟosgail an cnoc glas, agus ċuaiḋ Páidín asteaċ i seomra breáġ.
Ní ḟacaiḋ Páidín aon ċruinniuġaḋ ariaṁ mar ḃí ann san dún. Ḃí an áit líonta de ḋaoiniḃ beaga, ḃí fir agus mná ann, sean agus óg. Chuireadar uile fáilte roiṁ Dóṁnal agus roiṁ Páidín O Ceallaiġ. B’é Dóṁnal ainm an ṗíoḃaire ḃig. Ṫáinig ríġ agus bainríoġan na síḋ ’nna láṫair agus duḃairt siad:
“Támaoid uile ag dul go Cnoc Maṫa anoċt, air cuairt go h-árd-riġ agus go bainríoġain ár ndaoine.”
D’éiriġ an t-iomlán aca, agus ċuaiḋ siad amaċ. Ḃí capaill réiḋ ag gaċ aon aca, agus an Cóiste Boḋar le h-aġaiḋ an ríġ agus an bainríoġna. Ċuadar asteaċ ’san g-cóiste. Léim gaċ duine air a ċapall féin, agus bí cinnte naċ raiḃ Páidín air deireaḋ. Ċuaiḋ an píobaire amaċ rompa, agus ṫosuiġ ag seinm ceóil dóiḃ, agus as go bráṫ leó. Níor ḃfada go dtángadar go Cnoc Maṫa. D’ḟosgail an cnoc agus ċuaiḋ an sluaġ síḋ asteaċ.
Ḃí Finḃeara agus Nuala ann sin, árd-ríġ agus bainríoġan Ṡluaiġ-síḋ Ċonnaċt, agus mílte de ḋaoiniḃ beaga. Ṫáinig Finḃeara a láṫair agus duḃairt:
“Támaoid dul báire ḃualaḋ ann aġaiḋ sluaiġ-síḋ Ṁúṁan anoċt, agus muna mbuailfimíd iad tá ár g-clú imṫiġṫe go deó. Tá an báire le ḃeiṫ buailte air Ṁáiġ-Túra faoi ṡliaḃ Belgadáin.”
“Támaoid uile réiḋ,” ar sluaġ-siḋ Ċonnaċt, “agus ní’l aṁras againn naċ mbuailfimíd iad.”
“Amaċ liḃ uile,” ar san t-árd-ríġ, “béiḋ fir Ċnuic Néifin air an talaṁ rómainn.”
D’imṫiġeadar uile amaċ, agus Dóṁnal beag agus dá ’r ḋeug píobaire eile rómpa ag seinm ceóil ḃinn. Nuair