go raiḃ an áit úd ró-ġann dóiḃ uile, is nior ḃ’fuláir fán is ruagairt do ḃeiṫ orṫa.
Níor buaiḋeaḋ riaṁ ar ṁuinntir Ṡúilleaḃáin ar fairringe is ar féile; is bíoḋ nać fíor an scéal d’aiṫristear ar Eoċaiḋ aon-tsúileaċ—
“Bár ar ḟearaiḃ féile fuair
Eoċaiḋ ó ċáċ an ċéad-uair.”
Ní’l aṁras ná go
“gCoiṁlíontar an ċlú do ċuir
Le crú oirḃearta Eoċaiḋ."
Ní raiḃ aon dearmad ar Eoġan féin i dtaoiḃ a ṡinsir; is maiṫ an caidreaṁ do ḃí aige ar a gcáil is ar a mórḋaċt, cioḋ nár ṁinic do ṫagair sé ’na laoiḋṫiḃ do’n aicme sin. ’Nuair do ḃí sé ’na ṡaiġdiúir i Sacsana, is mar so laḃras leis an Aisling:
“Is gur scagaḋ mo ṫréad as caise d’ḟuil Ġaeḋeal
i gCaiseal na réicse cúigiḋ.”
Ní luġa ḃí aṁras ar Ḟinnġin Ua Scannaill i dtaoiḃ cáile na haicme úd as ar ṫáinig Eoġan. Is mar seo laḃras leis an ḟile oirḋearc—
“A ḟir eagnaiġ is saor-oilte i ngradam na héigse,
Do ṡealḃuiġ réim agus árd-ṁaoin,
D’eascair do’n tréan-ḟuil ó ṡleasaiḃ Ṗuirt Ḃéara,
I gcaismirt gan staonaḋ do ċráiḋ naṁaid.”
Cioḋ nár ṁinic do ṫagair Eoġan do ṁórḋaċt a a ṡinsear, is léir ó áitiḃ annso is annsúd i n-a