35
C. Cad í an aiṫne a bristear le smuíneaṁ drúiseaṁail?
F. An naoiṁaḋ aiṫne d’aiṫeantaiḃ Dé.
C. Cad í an aiṫne a bristear le gníoṁ drúise, nó le focal drúiseaṁail?
F. An séṁaḋ aiṫne d’aiṫeantaiḃ Dé.
C. Cad í an aiṫne a bristear le leaḃar éiṫig do ṫaḃairt?
F. An dara h-aiṫne agus an t-oċtṁaḋ aiṫne.
C. Conus a ḃrisean leaḃar éiṫig an dara h-aiṫne?
F. Mar nuair a ṫugan duine an leaḃar tugan sé Dia mar uraḋ leis, go ḃfuil an ḟírinne aige dá ínnsint, agus más éiṫeaċ atá aige dá ínsint i n-inead na fírinne, cuirean sé an t-éiṫeaċ san i leiṫ Dé, agus sin diaṁasla.
C. Conus a ḃrisean sé an t-oċtṁaḋ aiṫne?
F. Leis an mbréig féin.
C. Cad í an aiṫne ḃrisfaḋ duine a ṡéanfaḋ a ċreideaṁ?
F. An ċéad aiṫne, agus an dara h-aiṫne. Agus brisean sé an t-oċtṁaḋ aiṫne leis, mar séanan sé os cóṁair daoíne an níḋ an ċreidean sé ’n-a ċroíḋe agus sin bréag.
C. Cad í an aiṫne ḃrisfaḋ duine d’íosfaḋ feóil De h-Aoíne?
F. An dara h-aiṫne d’aiṫeantaiḃ na h-eaglaise.
C. Cad í an aiṫne a ḃrisfaḋ duine d’ḟanfaḋ breis agus bliaġain gan dul ċum faoísdine?
F. An tríṁaḋ aiṫne d’aiṫeantaiḃ na h-eaglaise agus ḃeaḋ an aiṫne briste aige ċoṁ luaṫ agus beaḋ an ḃliaġain iomlán caiṫte aige.
C. Cad í an aiṫne a ḃrisfaḋ an t-é ḋéanfaḋ díoḃáil d’á ċóṁarsain ’na ċuid?
F. An seaċtṁaḋ aiṫne.
C. Cad í an aiṫne ḃrisfaḋ duine ḋéanfaḋ díoḃáil d’á ċóṁarsain ’na ṗearsain?
F. An cúigṁaḋ aiṫne.