Jump to content

Page:An t-oileanach.djvu/218

From Wikisource
This page has been proofread.

Seadh, ní raibh aon díomhaointeas agam ar feadh ráithe agus do bhí an chloch phréacháin agam air san am san, sé sin an chloch dhéanach a cuirtar ar bharra na binne. Do bhí an gníomh san déanta agam gan cloch ná mairtéal a shíneadh chugham.

Is i ndubhluachair na bliana do thairrigíos chugham an gnó so an tighe; mar ní bheadh aon dul agam ar é dhéanamh aimsir ghnótha agus seilge san am go raibh an chloch phréacháin agam air, mar adubhart cheana. Do bhí gach obair ag oscailt timcheall lár an Mhárta, talamh ’á dheargadh, leasú le báid agus i gcladaighe agus ba ghnáthach le daoine siubhal ar phollaibh na róinte.


Maidean aca so do bhí breagh, bog, aoibhinn do cnagadh an doras roim lá agus mar ná raibh trom-shuan orm do phreabas de gheit agus do dheineas é oscailt, cé bheadh amuich ná Diarmaid. “Fáisc suas tu féin,” ar seisean. “Tá an lá go calma. Buailfeam siar chun na n-oileán. Cá bhfios cad a bheadh caithte i bpoll róin nó i gcuas. A’ bhfuil aon ghreim aráin beirbhithe agat?”

“Tá mo dhóthain aráin agam,” arsa mise leis, “ach níl aon fhonn siar orm isna h-oileáin. Is dócha gur turus i n-aistear turus comh luath so insa mbliain.”

“Dhera, beidh rud éigin againn—stropa coiníní nó rud ab’ fhearr ná iad, b’fhéidir. Ca bhfios duit ná gur gillín róin a bhuailfeadh linn,” arsan réic. “Níl aon phíosa aráin beirbhithe agam-sa. Tabhair leat cannta maith a dhéanfaidh sinn araon.”

“Dhera, nach sámh an dúirneóg mhná atá agat,” arsa mise leis. “Is dócha gur ag spáráil na mine a bhíonn sí.”

“Ná an diabhal é! ach an iomarca dho’n sámh a bheith uirthi agus gur cuma léi cé hé go mbeidh ocras air. Bean bhreagh, réidh iseadh í,” ar seisean, “ná raibh tuiscionnach riamh.”

Do bhuaileas chugham triantán maith aráin agus do bhuail-