“Do stiúruiġeas mo ḃáidín isteaċ ċun an dúna. B’áluinn an dún é. Ḃí seaċt ḃfiċid céad pola de ṗolaíḃ breaġṫa móra árda ’na ṫímpal, agus ní de ċloċaiḃ ná de ṁairtaol a ḃí gaċ pola acu déanta aċ de ṡeana ḃagún láidir ṫaṫaiceaċ. Ḃí mar a ḃéaḋ tor sgeaċ ṫuas ar ḃarra gaċ pola ḋíoḃ, agus ní sgeaċ ġeal ná draiġean duḃ a ḃí ins na tuir sin, aċ blonag tuirc agus é casta snaiḋmiġṫe, i ḃfuirm sgeiṫe, agus deilgne móra fada curṫa ’na seasaṁ ann, fiaċala na dtorc a ṫug an ḃlonag uaṫa. Isé rud fé ndeár na sgeaċa blonaige sin agus na deilgne géara san a ḃeiṫ ṫuas an uair sin ar ḃarraiḃ na bpolaí, mar ḃí cogaḋ ar siúḃal idir ṁuintir an Ḟáṫléaġa agus Tuaṫa Goba- laċ. Ḃí slóiġte Tuaṫa Gobalaċ amuiċ ar an ḃfaraige leaṁnaċta, ’na loingeas, agus iad ar tí dúna an Ḟáṫléaġa do ḃriseaḋ agus do ṫógaint, agus do cuir- eaḋ suas na polaí agus na sgeaċa agus na deilgne mar ċosaint ar an ndún i n-aġaiḋ slóiġte cróḋa líon- ṁara Tuaṫa Gobalaċ.
"Ḃí an cogaḋ san ar siúḃal idir ṁuintir an Ḟáṫ- léaġa agus Tuaṫa Gobalaċ ar feaḋ mórán aimsire roimis sin. Uaireanta ḃíoḋ an buaḋ ag muintir an Ḟáṫléaġa agus uaireanta ḃíoḋ an buaḋ ag Tuaṫaiḃ Gobalaċ. Ní raiḃ aon rud a ċuireaḋ sgannraḋ i gceart ar Ṫuaṫaiḃ Gobalaċ aċ na fiacala fada geala géara úd."