“"Airiú,” arsa mise leis, “cad a ḃéarfaḋ gur ró ḃeag an tairḃe ḋóṁ-sa é! Tá a lán siúḃalta agam i gcaiṫeaṁ mo ṡaoġail a d’iaraiḋ mo ċuid léiġinn a ċruinniuġaḋ ḋom féin. Am’ ṡiúḃaltaiḃ go léir níor baineaḋ an t-ocras ná an tart riaṁ fós díom i gceart. Agus siné tusa ’ġá ráḋ liom anois dá dtugtá eólus dom ċun Tailiṁ an Ḃíḋ ná béaḋ aon tairḃe dom ann Ní ṫuigim do ċaint, a ṁic Lán na Beilte."
""Ní deacair mo ċaint a ṫuisgint,” ar seisean. "Feuċ an builgín beag san ort! Níor ġníoṁ muin- tearṫa ḋóṁ-sa fios sgéil a ṫaḃairt duit-se ar na biaḋaiḃ móra atá i dTalaṁ an Ḃíḋ, mar nuair a raġfá ann ní ḟéadfá puinn de’n ḃiaḋ a ḋ’iṫe, mar ní’l aon tslíġ agat dó. Ansan ḃéaḋ an sgéal níos measa agat ’ná mar a ḃí riaṁ, na biaḋa móra ós cóṁair do ṡúl agus gan ar do ċumas iad d’iṫe.""
(Nuair a ḃí Mac Conglinne ag ráḋ na ḃfocal san ċuir sé greim breaġ mór méiṫ de’n ḟeóil ċun béil Ċaṫail, agus ansan do ṡnap sé ċuige é agus ċuir sé ’na ḃéal féin isteaċ é, agus ċogain sé é go réiḋ, ag breiṫniuġaḋ a ḃlais, agus do leig sé siar é, agus do ṡúraic sé a ḃéal ’na ḋiaiġ. “Dar fiaḋ!” arsa gaċ duine a ḃí láiṫreaċ, i n’aigne féin, “aċ is maiṫ an ḃail ort an ríġ ḃeiṫ ceangailte!")
""Cad é an ṁéid nár ṁór a ḃeiṫ am’ bolg, le t’ṫoil,” arsa mise leis, “i dtreó go ḃféadfainn mé féin a ṡásaṁ ar na biaḋaiḃ móra san?"
""Níor ṁór ḋuit ċúig duirn a ḃeiṫ ann agat, ar gaċ aon tslíġ; ċúig duirn ar faid agus ċúig duirn ar leiṫead agus ċúig duirn ar doiṁneas; é ḃeiṫ cóṁ- leaṫan ceiṫiroċair agat, i dtreó go ḃféadfá seaċt mbéile d’iṫe d’aon ḃéile, agus dóiṫin naonḃair de d’ṡórd-sa i ngaċ béile acu, agus seaċt ndeoċa d’ól i