Jump to content

Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/77

From Wikisource
This page has not been proofread.
69
An Craos-Deaṁan.

Ní ṡaorfaḋ aon níḋ eile mé ó’n mallaċt a cuireaḋ i gCorcaiġ orm, aċ ríġ Caisil do ḋéanaṁ trosgaiḋ aon oíḋċe liom ċun Dé."

"Iar rud éigin eile, a ṁic léiġinn,” arsa Caṫal. "Bó a’ gaċ lios sa Ṁuṁain duit, agus uinge d’ór as gaċ tiġ, agus brat as gaċ cill, agus maor ’ġá mbail- iuġaḋ ḋuit, agus cead suiḋte ċun bíḋ duit am’ ċuiḃrean féin an ḟaid a ḃéiḋ an bailiuġaḋ d’á ḋéanaṁ. Agus dar mo ḋeḃroṫ!” arsa Caṫal, “dá mbéaḋ orm saiḋḃreas na Muṁan go léir a ṫaḃairt duit, b’ḟearr liom é ḋéanaṁ ’ná ḃeiṫ aon oíḋċe aṁáin gan biaḋ."

"Dar mo ḋeḃroṫ,” arsa Mac Conglinne, “dá dtugṫá ḋom a ḃfuil i Leaṫ Ṁoġa Nuaḋat ní ġlacfainn é. Mar ní ḋéanfaḋ sé aon ḃlúire tairḃe ḋom. Ní’l aċ an t-aon níḋ aṁáin a ḋéanfaiḋ tairḃe ḋoṁ, tusa do ḋéanaṁ trosgaiḋ aon oíḋċe liom ċun Dé. Tá do ḃriaṫar flaṫa agam ċuige sin, agus ní féidir do ríġ Caisil a ḃriaṫar flaṫa do ḃriseaḋ. Aċ gan san d’ áireaṁ i n-aon ċor, a árdġaisgiḋiġ agus a ríġ-ḟéin- niḋe Eórpa, tá so agam le h-innsint duit. Ní’l suim agam i saiḋḃreas an tsaoġail seo. Ní’l mo ṁian aċ i neaṁ, agus i n-eagna agus ins na gnóṫaiḃ a ṡeólan an duine ar leas a anama, agus fós tá m’anam damanta, agus raġad go h-ifrean gan críċ gan fórċean mura ndéinir-se, a ríġ Caisil, mé ṡaoraḋ ó’n mallaċt so a ċuir muintir Ċorcaiġe orm!"

"Ġeaḃair an aisge,” arsa Caṫal, “ó tá an sgéal ċóṁ cruaiḋ sin. Aċ tá aon rud aṁáin deiṁniġṫeaċ. Níor tugaḋ riaṁ, agus ní taḃarfar go deó, aisge is deacara ṫaḃairt ’ná an aisge sin atá iarṫa agat-sa orm-sa, a ṁic léiġinn."

Do ṫroisg Caṫal an oíḋċe sin, agus do ṫroisg Mac Conglinne féin, agus ċuir sé ḟeuċaint ar an uile