aisge ḋ’iaraiḋ sar a’ gcroċfaí é, agus ar an aisge ċur i n-áiriġṫe dó féin le ceangalaiḃ cruaḋa? Dá dtagaḋ Mac Conglinne ar an saoġal so airís, agus go ḃfeic- feaḋ sé an nós so na gcóṁlann onóra, cad é an meas is dóiċ leat a ḃéaḋ aige ar ċiall na h-aimsire seo?
Nós ana ṫairḃeaċ ab eaḋ an nós úd na h-aisge. D’á ċruinne a déanfaí cás do ṫriail is féidir duine ḋaoraḋ sa n-éagcóir. Is maiṫ an rud an riġneas ċun na h-éagcóra san do ṡeaċaint. Nuair iaraḋ an cime an aisge, pé rud eile ḋéanfaḋ an aisge ḋéanfaḋ sí riġneas. B’ḟéidir gur minic a ḋéanfaḋ sí níos mó ’ná riġneas. Dá n-iartí an aisge ċeart b’ḟéidir gur minic a ṫaḃarfaḋ sí an ḟírinne ċun soluis agus go saorfaí an neaṁċiontaċ ó’n gcroiċ.
Pé ’r doṁan é, ḃí an nós ann, agus do ṫuig ár sinnsear a ṫairḃe. Agus taisbeánan an sgéal so go raiḃ an nós ana ḋaingean, ċóṁ daingean san ná raiḃ ar ċumas an ríġ féin an nós do ḃriseaḋ.
Taisbeánan an sgéal leis go raiḃ neart dó’n ċime an aisge ḋ’iaraiḋ nuair a curfaí pionós air ba lúġa ’ná é ċroċaḋ. Ní le croċaḋ a ḃí Mac Conglinne nuair iar sé an aisge ar Ċaṫal, aċ le díbirt.
"Taḃair aisge ḃeag dom,” ar seisean, “sar a n-imṫiġead.” Ní dúḃairt an ríġ leis glanaḋ as a raḋarc, mar a déarfaḋ sé dá mba ná béaḋ bríġ ná feiḋm le n-a ċaint. Ní h-eaḋ, aċ ḃí an sgéal ċóṁ dian, ċóṁ contaḃarṫaċ san gur ċuir an ríġ fios ar Ṗiċán ċun an sgéil a ċur ’na ċóṁairle. Ḃí ’ḟios ag Piċán go raiḃ rud éigin ar aigne ag Mac Conglinne nár ṫuig aoinne eile. Ḃí ’ḟios aige go ndúḃairt an cleasaiḋe go gcuirfeaḋ sé ḟeuċaint ar an ríġ fanṁaint gan ḃiaḋ gan deoċ ar feaḋ lae agus oíḋċe. Níor ċreid sé gur ḃ’ḟéidir é ḋéanaṁ. Aċ ḃí an ċuideaċta go léir