Caibidiol a naoi.
"A RÍĠ uasail árd ċóṁaċtaiġ,” arsa Mac Cong- linne, “iaraim ort as uċt do ċóṁaċta ríoga agus as uċt na h-úṁluiġeaċta is dual ó ḋaoiniḃ duit, aisge ḃeag a ṫaḃairt dom sar a n-imṫiġead!"
"Cá ḃfuil Piċán?” arsa Caṫal.
Do glaoḋaḋ isteaċ ar Ṗiċán.
"Tá an mac léiġinn sin ag lorg aisge orm, a Ṗiċáin,” arsa Caṫal. “Ní ḟeadar-sa cé h-é féin, nó an ceart an aisge ṫaḃairt dó. Cad deirir-se?"
"Is ceart í ṫaḃairt dó, a ríġ,” arsa Piċán.
Is sean ḟocal é gur “ar sgáṫ a ċéile a ṁairid na daoine.” Is gnáṫ, le h-imṫeaċt aimsire agus do réir mar a ċíḋtear gáḋ leó, go ḃfásaid nósa áiriġṫe i ngaċ treaḃċas daoine a ḃíon so-ḃéasaċ agus úṁal do ḋlíġṫiḃ. Is minic go mbíon feiḋm na nós san níos treise ’ná feiḋm na ndlíġṫe féin. I n-aice na ndlíġṫe iseaḋ ḟásaid na nósa, agus is minic gur b’é an nós a ṫugan neart do’n dlíġ. Ḃí a lán nós de’n tsórd san i n-Éirinn fadó nuair a ḃí ár ndlíġṫe féin againn. Ḋeaḃróċaḋ an sgéal gur ar nós díoḃ san atá tráċt anso i dtaoḃ na n-aisgeaċa so a ḃíoḋ ag Mac Cong- linne ’á iaraiḋ. Gaċ aon uair a ḃíṫeas ċun é ċroċaḋ d’iar sé aisge. Gaċ aon uair. a ḋ’iar sé aisge dob’ éigean an aisge ṫaḃairt dó. Cíḋtear as san gur ḃ’é a ċeart, do réir nóis na tíre, an aisge ḋ’ḟáġail. Mura mbéaḋ gur ḃ’é sin nós ná tíre an uair sin ní ċuiṁneóċ’ an sgéalaiḋe i n-aon ċor ar a leiṫéid de rud, agus ní lúġa ná mar a ṫuigfeaḋ na daoine go