“A ceaṫair; leaḃair an tSoisgéala, é h-uraim do Ṫiomna Ċríost!” arsa Mac Conglinne.
Ċaiṫ Caṫal ċuige an ċeaṫraṁaḋ uḃall.
"A cúig; leaḃair Ṁaoise; le h-uraim do ḋeiċ n-aiṫeanta na sean dlíġe."
Ṫug Caṫal an cúigṁaḋ h-uḃall dó.
"A trí faoi ḋó, nó a dó fó ṫrí, sin a sé. Taḃair ḋom an séṁaḋ ceann,” arsa Mac Conglinne.
Ċaiṫ sé uḃall i n-urċar ċuige.
"Na seaċt neiṫe a targaireaḋ do d’Ḋia ar talaṁ: a Inċolna, é ḃreiṫ, a ḃaiste,” arl.
Ṫug sé uḃall dó.
"Oċt mbiati an tSoisgéala, ó ’siad a ḃíon i gcóṁnuiġe ag stiúruġaḋ do ríġ-ḃreiṫe, a rúiri ríġ- ḃreiṫiġ,” arsa Mac Conglinne.
Ṫug sé uḃall dó.
"Naoi ngráid na ḃflaṫas, ó’s tú a riaras gráid na talṁan."
Do sgaoil sé uḃall ċuige.
"Is leat-sa an deaċṁaḋ grád, grád na beaṫa so, a ċosnaṁaiḋe an ċúige."
Ṫug sé uḃall dó.
"Áireaṁ na n-Aspol nuair a ḃí Iúdás i n-easnaṁ orṫa."
Ṫug sé uḃall dó.
"Aireaṁ iomlán na n-Aspol,” arsa Mac Cong- linne.
Ṫug sé uḃall dó.
"An t-áireaṁ atá uasal tar gaċ áireaṁ,” arsa Mac Conglinne, “Críost os cionn na n-Aspol!"
Do léim Caṫal agus ċuir sé búirṫ as.
"Ó!” ar seisean, “dar Barra aċ íosfaiḋ sé mé féin sa deire!"