An áit ’na mbíoḋ an ríġ agus a ġnaṫ-ṫeaġlaċ ḃíoḋ cruinniġṫe ann a lán luċt cleas agus luċt spóirt agus luċt greannṁaireaċta, agus iad ag déanaṁ suilt dos na h-uaisliḃ, ag braṫ air go ḃfaiġdís síntiús. Ḃídís ag déanaṁ dán agus ag déanaṁ ráṁ- ċán agus ag spídiuċán ar a ċéile, mar ’ḋ eaḋ, nó ag déanaṁ magaiḋ fé ċuid des na h-uaisliḃ féin ċun na cod’ eile ċur ag gáiriḋe úmpa. Is ’mḋó sult agus greann agus filiḋeaċt ṁaiṫ agus freagra géar- ċúiseaċ a ṫagaḋ uaṫa, agus is mór an caiṫeaṁ aimsire a ġeiḃeaḋ na h-uaisle asta go minic, agus is minic a díoltí go maiṫ iad, nuair a ḋéinidís sult éigin ab ḟearr ’ná ’ċéile.
Isteaċ ’na measg san iseaḋ ċuaiḋ Mac Conglinne, ar an gcéad ásg, ċóṁ luaṫ a’s do ṡrois sé tiġ Ṗiċáin. Ċrom sé ar spórt a ḋéanaṁ ċóṁ maiṫ le cáċ. Ċuir duine acu air. Má ċuir, ba ġearr go raiḃ an fear san ’na stáicín áiféis d’á raiḃ láiṫreaċ. Ċuir duine eile air. Má ċuir, do ṫáinig sé as níos measa ’ná an ċéad ḟear. Ba ġearr go raḃadar go léir, idir íseal agus uasal, ag faire ar an uile ḟocal d’á dtagaḋ ó ḃéal Ṁic Conglinne agus ar an uile ċor d’á gcuireaḋ sé ḋé, agus naċ túisge a ḃíoḋ anál acu d’á ḟáġáil ó aon triṫeaṁ aṁáin gáirí ’ná mar a ḃíoḋ triṫeaṁ eile tagaiṫe orṫa, i dtreó go mbíoḋ teinneas ’na n-asnaiḋeaċaiḃ agus uisge le n-a súiliḃ, agus gan ionta focal do laḃairt. Ṫugadar go léir suas é do’n ḟear iasaċta, nár ṫáinig riaṁ isteaċ i n-aon ċuideaċtain ’na raḃdar, cleasaiḋe ċóṁ glic, file ċóṁ gunta, bearrṫóir ċóṁ cliste, fear spóirt ċóṁ sultṁar, cainteóir ċóṁ bríoġṁar, freagarṫóir ċóṁ tapaiḋ ċóṁ do-ċlaoiḋte.
Ar ball, nuair a ḃí an spórt i leiṫ taoiḃ agus na