d’á leiṫéidí mar biṫeaṁnaiġ ab eaḋ iad, agus ḃíoḋ an ċroċ tuillte go maiṫ acu. Aċ cad ’na ṫaoḃ nár ḋéin sé seo aon iaraċt ar éalóḋ? Ḃí an ċeist sin i n-aigne Ṁainċín agus ḃí sé ag teip air aon réiḋteaċ ḟáġail uirṫi ċun a ṫoile. B’ḟéidir nár ḃ’ḟear siúḃail i n-aon cor é. B’ḟéidir gur ḋuine uasal é i rioċt fir siúḃail. Ṫuitfeaḋ neiṫe ba ġreannṁaire ’ná san féin amaċ. Níor ḋéin Mainċín aċ a ṁaċtnaṁ do ċoimeád aige féin agus a ġáire ḋéanaṁ ċóṁ maiṫ leis an gcuid eile de’n ċóṁairle.
"An aisling! an aisling!” arsa cáċ, nuair a stad an sult.
"Cár stadaḋ mé?” arsa Mac Conglinne.
"Ag an gcleiṫ-ailpín,” arsa cáċ.
"Ó, ’seaḋ,” arsa Mac Conglinne.
"’Mic Cleiṫ-ailpín ġeanncaiġ, Cos gandail ó’n gcoinnliġ. Mic Potóige caoraċ, Mic Maoṫail, mic Úṫa, Mic Geire, mic Saille, Mic Smiora, mic Smúsaiġ. Mic Creaḃair na coille, Mic Ṗilip ó’n Maoilinn, Mic Naosgaiġe na mainge, Greim milis do ríġṫiḃ, Mic Sgadáin ó’n ḃfairge, Mic Bradáin a’ h-Eóċail, Mic Bánḃric ó’n mBríġdiġ. Mic Ríġ-Ċolamóra. Mic Uḃaill, mic Áirne, Mic Silín, mic Pluma, Mic Caoir ċúṁrṫa Ċárṫainn,