Jump to content

Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/52

From Wikisource
This page has not been proofread.
44
An Craos-Deaṁan.

atá an seanaċus san agam ’á ḋéanaṁ. Ní h-eaḋ go deiṁin. Ní ḃainean an ċaint i n-aon ċor leis. Ní’lim ag déanaṁ seanaċuis ar aoinne. Ní’lim aċ ag innsint na h-aislinge a taisbeánaḋ dom aréir, agus mé am’ ċodlaḋ go sáṁ ar leabaiḋ an duin’uasail sin. Ní’l sa ċaint atá ráiḋte agam aċ tusaċ na h-aislinge. Ḃíos am’ ċodlaḋ go sáṁ i leabaiḋ an duine ṁacánta san, agus go deiṁin ḃí gáḋ agam le codlaḋ agus le suaiṁ- neas tar éis a ḃfuaras de ḋroċ úsáid i gcaiṫeaṁ an lae roimis sin, agus i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe roim ré. Aċ ní foláir a adṁáil, pé droċ úsáid n-ar ġaḃas tríd, gur ḃ’ḟiú é fulang leis ċun cead luiġte sa leabaiḋ sin d’ḟáġail. Níor ḟan blúire d’á ċuiṁne agam nuair a luiġeas ins a’ leabaiḋ sin!

"Is dóiċ liom, a ṁuintir Ċorcaiġe, gur ṫuit mo ċodlaḋ orm ċóṁ luaṫ agus do ṡíneas ar an leabaiḋ sin, fé’n éadaċ leapṫan a ḃí ċóṁ breaġ, ċóṁ cúṁrṫa, ċóṁ glan, ċóṁ teiṫ, murar ḃ’ionan a’s éadaċ leapṫan an tíġe aoiġeaḋ.

"Tráṫ éigin sa n-oíḋċe do ḋúisíġeas, dar liom, as mo ċodlaḋ. Ċonac an duine ’na ṡeasaṁ ag cnaisde na leapṫan. D’ḟeuċas air agus d’ḟeuċ sé orm. D’ḟanas feuċaint a’ laḃarfaḋ sé. Níor laḃair. Ḃí culaiṫ ċléiriġ air, agus coċal, díreaċ mar an gcoċal san atá ar Ṁainċín anois.

"Nuair ab ḟada liom gur laḃair sé do laḃras féin.

""Cé h-é ṫusa, le toil t’onóra?” arsa mise leis.

""Mise?” ar seisean liom.

""’Seaḋ, tusa,” arsa mise leis.

""Ní mar sin is ceart duit laḃairt liom-sa,” ar seisean.

"B’ḟéidir, le toil t’onóra,” arsa mise, “go ’neósfá ḋom conus is ceart do m’ leiṫéid laḃairt le t’onóir."