dóṁ-sa. Is mó dob’ ḟiú é ’ná an t-uruḋas a ḋéinea- ḃair-se air go ḃfaġainn an aisge sin, a ṁaiṫe agus a ṁór uaisle Ċorcaiġe."
"Tá go breaġ!” arsa cáċ. “Aċ conus a ṫaisbeán- an tú san?"
"Dar liḃ-se, a ṁuintir Ċorcaiġe,” arsa Mac Cong- linne,” dob’ ḟiú anam duine an aisge úd a tugaḋ dom. Aċ do baineaḋ díom an aisge, i n-aiṁḋeóin ḃúr n-uruḋais, mar ġeall ar ḃraon d’uisge na Laoi a ṫógas as an aḃainn ar ḃarra an ḃioráin sin!"
Do léim an fear tosaiġ a ḃí ar an luċt coim- eádta.
"Ṫug sé a éiṫeaċ, a ḋaoine uaisle!” ar seisean.
"Níor baineaḋ an aisge ḋé; aċ ḃí sé sínte ar bruaċ na Laoi agus é ag ól an uisge leis an mbiorán san ’na láiṁ aige, agus dúḃairt sé go ḃfanfaḋ sé ansan ar feaḋ naoi lá agus naoi n-oíḋċe, agus go gcoimeád- faḋ sé sinne ann ag faire air."
D’iompuiġ Mac Conglinne air, agus ċuir sé smuta gáire as.
"Naċ ana ḋeas an cor a ḃéiḋ ort-sa,” ar seisean, "nuair a ’neósfar an sgéal san ort ar fuid na h-Éirean!"
Do ṗléasg a raiḃ láiṫreaċ ar ġáiriḋe.
"Is cuma liom,” arsa ’n fear tosaiġ go feargaċ.
"Pé cor a ḃéiḋ orm-sa nuair a ’neósfar an sgéal ar fuid na h-Éirean béiḋ an cor céadna ar ṁuintir Ċor- caiġe go léir!"
"Stad! stad!” arsa cáċ. “Tá sé i n’oíḋċe feasda. Tugtar dál go maidin do’n ċime seo."
"Ní’l leaṫ mo ċainte ráiḋte fós agam,” arsa Mac Conglinne. “Do tugaḋ cead cainte ḋom agus siné ḋ’á ḃaint díom airís é, díreaċ fé mar a baineaḋ