Caibidiol a sé.
Do tugaḋ Mac Conglinne i láṫair na cóṁairle. Ḃí Mainċín agus uaisle Ċorcaiġe ar an gcóṁairle.
"Cead cainte ḋom uaiḃ, a Ṁainċín agus a ṁuintir Ċorcaiġe!” arsa Mac Conglinne.
"Ná tugtar,” arsa Mainċín, “aon ċead cainte ḋó. Ní cead cainte atá uaiḋ aċ cead magaiḋ. Ṫáinig sé anso go Corcaiġ gan aon ġnó eile aċ ċun magaiḋ a ḋéanaṁ fúiḃ-se, a ṁaiṫe Ċorcaiġe, agus fúm-sa agus fé’n Eaglais. Tá sgannraḋ ag teaċt anois air mar tá an magaḋ ag teaċt ’na ḋáiríriḃ ċuige. Deirim liḃ, a ṁaiṫe Ċorcaiġe, d’á luíġead caint a leigfear dó ḋéanaṁ gur b’eaḋ is fearr é."
"A ṁaiṫe agus a ṁór uaisle Ċorcaiġe,” arsa Mac Conglinne, “ní ḟeadaraḃar cé h-é mé, ná cá dtánag. Má croċtar mé gan a leigint dom mo sgéal féin d’innsint daoiḃ béiḋ slóiġṫe líonṁara ag teaċt ċugaiḃ anso, a-dtuaiḋ ó Ċonaċtaiḃ agus ó Ultaiḃ, agus is tur a ḃéiḋ a ḟios cad ’na ṫaoḃ uaṫa."
"Cead cainte ḋó! Cead cainte ḋó!” arsa cáċ.
"Má ḋéinean sé raint magaiḋ féin cad é an díoḃáil é? Má ḃainean sé raint gáirí asainn is fearrde sinn é."
"Abair do ċaint,” arsa Mainċín, “agus ná bí aḃfad léi. Tá an lá ag imṫeaċt agus caiṫfear tú ċroċaḋ sar a dtiocfaiḋ an oíḋċe orainn."
"A ṁaiṫe agus a ṁór uaisle Ċorcaiġe,” arsa Mac Conglinne, “do tugaḋ aisge ḋom ó Ṁainċín. B’é mo ċeart ó ḋlíġṫiḃ na h-Éirean an aisge sin d’ḟáġail sar