“Beirtear ċun na h-aḃan mé feasda,” ar seisean.
Ṫáinig an luċt coimeádta ar gaċ taoḃ dé, agus ṫógadar suas é, agus d’árduiġeadar leó é go port na h-aḃan. Do leigeadar anuas ar an bport é.
"Baintear an ceangal de m’ láṁaiḃ,” ar seisean, "go n-ólad mo ċuid díġe ar mo ṡuaiṁneas."
Ḃaineadar na ceangail dé. Ní raiḃ aon ḃreiṫ aige ar imṫeaċt uaṫa mar ḃí na h-airm acu agus a ndóiṫin acu ann.
Ḃain Mac Conglinne an biorán a’ brollaċ a ḃrait. Ḃain sé ḋé an brat. Do leaṫ sé amaċ an brat ar an bport, i n-aice an uisge. Ansan do ṡín sé é féin ar an mbrat, ar fleasg a ḋroma. Ansan do rug sé ar an mbiorán ’na láiṁ ḋeis agus do ṫúm sé sa n-aḃainn an biorán. Ansan do ṫóg sé an biorán agus do leig sé a ċeann siar agus do leaṫ sé a ḃéal agus do leig sé do’n ḃraon uisge a ḃí ar puinnte an ḃíoráin tuitim siar ’na ḃéal. Nuair a ḃí an braon san sloigiṫe aige ċuir sé an biorán sa n-uisge airís, agus ṫóg sé braon eile ar an gcuma gcéadna. Ċomáin sé leis ag ól an uisge ar an gcuma san. D’ḟeuċ an luċt coimeádta ar a ċéile.
"An fada a leanfair de’n ċleas san?” arsa duine acu leis.
"Go dtí go mbéiḋ mo ḋóiṫin ólta agam,” ar seisean, agus ċomáin sé leis ag ól.
Do stadadar ag feuċaint air ar feaḋ tamaill eile. Fé ḋeire do ḃris ar an ḃfoiḋne ag an ḃfear tosaiġ a ḃí orṫa.
"Seo, seo!” ar seisean, “cuir uait na clis. Má tá tart ort ól do ḋeoċ agus ná coimeád anso go h-oíḋċe sinn! Ní ċun ḃeiṫ ag imirt cleas a ṫugamair anso ṫú. Má tá tart ort ól do ḋeoċ, nó mura ḃfuil