am’ ṁála, mála mo leaḃar. Tugtar ċugam an mála go n-iṫead an biaḋ atá ann. Ní ceart do ḋuine dul ċun báis gan lón bóṫair do ċaiṫeaṁ."
"Feuċ!” arsa Mainċín. “Tá masla aige d’á ṫaḃairt do’n Ċreideaṁ! Lón bóṫair i gcóir an ḃáis a ṫugan sé ar ḃiaḋ ċorparṫa!"
Do tugaḋ an mála ag triall ar Ṁac Conglinne. D’osgail sé an mála. Ṫóg sé amaċ as an mála an dá ḃulóig agus an slisne bagúin. Ḃain sé smut de gaċ bulóig agus ḃain sé smut de’n ḃagún.
"Siné an deaċṁaḋ,” ar seisean. “Ba ṁaiṫ liom deaċṁaḋ ḋíol. Dá mbéaḋ ’ḟios agam cé is boiċte ’ná ’ċéile anso do ḋíolfainn an deaċṁaḋ leis."
Ḃí raint daoine boċta ann. Do riṫeadar suas agus a láṁa sínte amaċ acu ag braṫ air go ḃfaġaidís an t-arán agus an bagún.
D’ḟeuċ Mac Conglinne orṫa ó ḋuine go duine.
"Dar fiaḋ,” ar seisean, “aċ ní ḟeicim-se aoinne anso is mó gáḋ leis an mbiaḋ seo ’ná mé féin. Níor ċaiṫeas biaḋ ná deoċ ó ṫánag go Corcaiġ aréir. Ní ḃfuaras i dteaċ aoiġeaḋ Ċorcaiġe an ċóir ná an frio- ṫálaṁ is dual do’n deóraiḋe. Fuaras a ṁalairt, áṁṫaċ. Do baineaḋ m’éadaċ díom agus do gaḃaḋ d’ḟuipeanaiḃ orm, agus do tumaḋ sa n-aḃainn mé go dtí go raḃas leaṫ ḃáiḋte. Do daoraḋ ċun mo ċroċta mé agus gan coir déanta agam, agus níor tugaḋ cóir ná ceart dlíġe ḋom ó ṁaiṫiḃ Ċorcaiġe. Agus is siḃ-se muintir Ċorcaiġe! Greadaḋ ċugaiḃ, a ṡloi- gisg! Deaċṁaḋ ḋíol liḃ-se! A ṡloigisg an ocrais, ní ṫaḃarfad-sa aon deaċṁaḋ ḋaoiḃ. Pé rud a ḃéiḋ le cur am’ leiṫ ar an saoġal eile ná ná béiḋ, ní curfar am’ leiṫ gur ḋíolas deaċṁaḋ liḃ-se, a rudaí gorta!"
Ċuir sé an deaċṁaḋ ’na ḃéal féin agus d’iṫ sé é.