Jump to content

Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/26

From Wikisource
This page has not been proofread.
18
An Craos-Deaṁan.

tsórd san anois. Na daoine a ḃí an uair sin ann ní ḟéadfaidís siúḃal i n-aon ċor ins na bróga a déintear anois.

Nuair a ḃí na bróga déanta aige agus gaċ aon níḋ socair aige ḃuail sé a ṁála ċuige ar a ṁuin, ṫóg sé a ḃata maiṫ, láidir, áiseaċ, ’na láiṁ ḋeis, d’ḟág sé slán agus beannaċt agá oide, agus ṫug sé aġaiḋ ó-ḋeas ar an Muṁain.

Ní h-ar Uíḃ Eaċaċ Muṁan a ṫug sé aġaiḋ ar dtúis, áṁṫaċ, aċ ar Ċorcaiġ. Ḃí a ċúis féin aige leis sin, mar a ċíḋfear ar ball.

Ḃí mainistir i gCorcaiġ, agus is ar an mainistir a ṫug Mac Conglinne aġaiḋ. Ba ġnáṫ go mbíoḋ an uair sin i n-Éirinn, i n-aice gaċ mainistreaċ, sórd tíġe ósda, agus ḃíoḋ lóisdín le fáġail sa tiġ ósda san ag an uile ḋuine ḃéaḋ ag taisdeal slíġe, agus cóir bíḋ agus díġe orṫa, agus gan aon rud acu le díol as. An teaċ aoiġeaḋ an ainim a tugtí ar an dtiġ ósda san. Cialluiġean aoiġeaḋ lóisdéir oíḋċe.

Uaireanta ḃíoḋ an teaċ aoiġeaḋ lán go maiṫ, agus do tugtí aire ṁaiṫ ḋó, ċun gaċ aon rud a ḃaineaḋ leis a ḃeiṫ i dtreó, go glan agus go compórdaṁail agus go cluṫṁar. Uaireanta eile b’ḟéidir go mbéaḋ sé gan aoinne ṫeaċt an treó ar feaḋ ráṫa. Ansan, níḋ naċ iongnaḋ, do tugtí failliġe ann. An oíḋċe ṫáinig Mac Conglinne go teaċ aoiġeaḋ Ċorcaiġe ḃí sé de ċrann agus de ṫubaist ar Ṁac Conglinne agus ar an dteaċ aoiġeaḋ go raiḃ an tiġ gan aoinne ṫeaċt ann ar feaḋ aḃfad roimis sin, agus go raiḃ sé fuar, folaṁ, gan glanaḋ, gan slaċtuġaḋ, gan aon spré ṫeine do lasaḋ ann, níor ḃ’ḟios cad é an ḟaid.

Ḃí tuitim na h-oíḋċe ann nuair a ṫáinig Mac Conglinne ċun an tíġe aoiġeaḋ. I n-aimsir ġeiṁriḋ