Caibidiol a trí.
Do leaṫ tuairisg an sgéil ar fuid na h-Éirean go leir Ar dtúis ní raiḃ aċ iongnaḋ ar ṁuintir na gcúigí eile. Nuair a fuaradar an t-olc ag leanṁaint, áṁṫaċ, agus nuair a ṫuigeadar cad é an cor a ḃí ar an Muṁain, agus i n-inead aon lagaċar sláinte ḃeiṫ ar Ċaṫal gur b’aṁlaiḋ a ḃí neart ċéad fear ann, ṫus- nuiġeadar ar eagla ġlacaḋ roimis. Ḃí ḟios acu go raiḃ neart mí-nádúrṫa ann agus dá dtugaḋ sé aġaiḋ soir ar Laiġniḃ, nó siar ar Ċonaċtaiḃ, nó ó-ṫuaiḋ ar Ultaiḃ, gur ró ḃaoġal nár ḃ’ḟéidir aon ċosg a ċur leis, agus go ndéanfaḋ sé an sgrios céadna ar an gcuid eile d’Éirinn a ḃí déanta aige ar an Muṁain.
Ḃí Feargal mac Maoile Dúin ag cuiṁneaṁ ar neiṫiḃ de’n tsórd san nuair airiġ sé na tuairisgí uaṫḃásaċa ó’n Muṁain. Ḃí ’ḟios aige cad a ḃí déanta aige féin. Ḃí ’ḟios aige gur ḃ’é an feall a déin sé féin ar Ċaṫal fé ndeara do’n ṁac mallaċtain ḃeiṫ istiġ i gcorp Ċaṫail, agus gur ḃ’é an mac mallaċtain a ḃí ag taḃairt an nirt go leir dó sa n-am gcéadna go raiḃ sé ag cur an ocrais go léir air. An ḟaid a ḃí an léir-sgrios d’á ḋéanaṁ ar an Muṁain ḃí an sgéal go maiṫ, aċ conus ḃéaḋ an sgéal ag Feargal agus ag Cúig’ Ulaḋ dá dtugaḋ Caṫal aġaiḋ ó-ṫuaiḋ um an dtaca ’na mbéaḋ a raiḃ de ḃiaḋ sa Ṁuṁain ídiġṫe aige! Ḃí an maċtnaṁ san ag baint codlaḋ na h-oíḋċe de ríġ Ulaḋ.
Ní deirtear gur laḃair aoinne de’n ḃeirt ċailleaċ nuair a ḃí an sgéal ar an gcuma san. Is dóċa go raiḃ