iseaḋ ṫáinig an cruaḋ-ċás. Cá ḃfaiġfí a ḋoiṫin bíḋ agus díġe ḋó ! Do creaċfaí iad. Ní ḟágfaḋ sé blúire bíḋ ná braon díġe sa Ṁuṁain gan slogaḋ isteaċ ’na ċorp!
Do gluais Caṫal ċun dul ar a ċuaird mór-ṫímpal na Muṁan. Do h-ollaṁuiġeaḋ oiread bíḋ agus díġe sa ċéad teaġlaċ i n-a dtáinig sé agus gur dóiċ le h-aoinne go ḃfágfaḋ sé fuiġleaċ. Níor ḟág. Do cuireaḋ na h-uḃla ar na miasaiḃ osa ċóṁair féin agus os cóṁair a ċualaċta, ar dtúis, mar ba ġnáṫ. D’iṫ sé na h-uḃla agus is ró ḃeag an fáġaltas díoḃ a fuair an ċualaċt. Ṫáinig na biaḋa eile, agus má ṫáinig, ba ġearr an ṁoill air iad d’ídiuġaḋ. Ṫáinig an fíon agus an lionn, aċ má ṫáinig, ba ġearr an ṁoill ar Ċaṫal na h-árṫaí d’ḟolaṁuġaḋ, agus ní raiḃ aon rian meisge air. Ní baoġal go raiḃ aon rian meisge ar aoinne de’n ċuid- eaċtain, mar ní ḃfuaradar an ċúis. D’ḟág Caṫal sgórnaiġe tirme acu, murar ṁaiṫ leó iad a ḟliuċaḋ le fíor uisge. D’ḟág sé ocras orṫa ċóṁ maiṫ le tart, mar ḃí a raiḃ de ḃiaḋ ann iṫte aige sar a raiḃ ḋá ġreim iṫte ag aoinne eile. Ḃí náire agus ceann-fé ar ċeann an ríġ-ṫeaġlaiġ, aċ ní raiḃ aon leiġeas air. Níor ġáḋ ḋó ceann-fé ḃeiṫ air, mar do ṫuig gaċ aoinne go raiḃ sé tar éis a ḋíċil a ḋéanaṁ agus nár ḃ’ḟéidir dó a ṫuille ḋéanaṁ. Nuair a ḃí an tseaċtṁain caiṫte ḃí an fear san agus a ṫriuċa-céad beó boċt. Ġluais Caṫal agus a ċualaċt go dtí an triúċa-céad ba ġiorra ḋó. Do ḋúbail flaiṫ na h-áite sin an biaḋ agus an fíon agus an lionn. Má ḋúbail ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann. Do sgriosaḋ é féin agus a ṫriúċa-céad ċóṁ glan díreaċ agus do sgriosaḋ an ċéad ḟear agus a ṫriúċa-céad. Mar sin dóiḃ mór-tímpal go dtí go