agus t’anam i n-ifrean agam sar a mbéaḋ puinn de’n oíḋċe anoċt curṫa ḋíot agat!"
Ansan d’eiriġ sé féin, agus sguainṫe deaṁan i n-aonḟeaċt leis, suas sa n-aer agus d’imṫiġeadar. Nó mar adeir an seana leaḃar; “Ocus foluamniġis i n-eiṫiar iarsin la muintir iffirnn."
"Cad ’tá le déanaṁ anois againn, a ṁic léiġinn?" arsa Piċán.
"’Neósfad-sa san duit,” arsa Mac Conglinne.
"Déintear deoċ do’n ríġ,” ar seisean.
"Conus a déanfar an deoċ?” arsa Piċán.
"Déintear leaṁnaċt agus im úr do ċóṁḃeiriuġaḋ ar a ċéile,” arsa Mac Conglinne, “agus mil do ṁeasgaḋ orṫa, agus iad a ṫaḃairt le n-ól do’n ríġ mar nua- ḋiġ."
Do déineaḋ san. Do h-ollaṁuiġeaḋ dóiṫin céad duine de’n leaṁnaċt ar an gcuma san. Ḃí Caṫal ’á ḋ’ól go dtí gur ċríoċnuiġ sé é. Ansan do ṫuit a ċod- laḋ air. Do cuireaḋ ceól bog suairc d’á ṡeinnt dó an ḟaid a ḃí sé ’na ċodlaḋ. Deir cuid de’n tseanaċus gur ḟan sé sa ċodlaḋ san ar feaḋ trí lá agus trí oíḋċe. Deir cuid eile ḋé nár ḟan sé sa ċodlaḋ aċ lá agus oíḋċe. Nuair a ḋúisiġ sé as a ċodlaḋ ní raiḃ de ġoile aige aċ mar a ḃéaḋ ag aon Ċríosdaiḋe.