Jump to content

Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/109

From Wikisource
This page has not been proofread.
101
An Craos-Deaṁan.

airís é, do leim sé amaċ a’ béal an ríġ agus ḋaingniġ sé a ḃéal féin agus a dá ċroḃ sa ḃfeóil.

"Dúnaḋ gaċ aoinne a ḃéal!” arsa Mac Cong- linne, agus le n-a linn sin do sgaoil sé an greim feóla leis an ndeaṁan. “Buiḋeaċas le Dia agus le Bríġid!” ar seisean, agus ċuir sé a láṁ ḋeas ar a ḃéal féin agus a láṁ ċlé ar ḃéal an ríġ.

Do ḋún gaċ duine a ḃéal aċ giolla an tsagairt. Ní raiḃ sa ġiolla aċ leanḃ. Ḃí a ḃéal ar leaṫaḋ aige le h-uaṫḃás. Do léim an deaṁan, agus an píosa feóla ’na ḃéal agus ’na ċroḃnaiḃ aige, isteaċ i mbéal an ġiolla ḃig. Aċ ní túisge a ḃí sé istiġ ’ná ḃí sé amuiċ airís, mar ní raiḃ aon ṗeacaḋ ar an leanḃ. Ansan do léim sé isteaċ sa tínteán, ar sgáṫ an ċorcáin ṁóir a ḃí os cionn na teine. Do léim Mac Conglinne agus d’iompuiġ sé an corcán ar a ḃéal anuas air. Ḃí a ḋóiṫin feóla ansan aige agus d’ḟan sé ann.

"Cad ’déanfar anois?” arsa Piċán.

"Beirtear an ríġ amaċ as an dtiġ láiṫreaċ!" arsa Mac Conglinne.

Do rugaḋ an ríġ amaċ agus do cuireaḋ i leabaiḋ i dtiġ eile amuiċ é. Ḃí sé ċóṁ mín, ċóṁ socair, le leanḃ.

"Tugtar amaċ as an ríġ-ṫeaċ,” arsa Mac Cong- linne, “an uile ṡaġas ruda go ḃfuil aon tairḃe ann."

Do folaṁuiġeaḋ an ríġ-ṫeaċ. Níor fágaḋ triosgán ná órnáid, ór ná airgead ná olṁaiṫeas, gan bailiuġaḋ amaċ, aċ aṁáin an corcán a ḃí anuas ar an ndeaṁan- craois. Ní baoġal gur ċuir aoinne ċun an ċorcáin sin a ḃreiṫ amaċ.

"Curtar teine sa ríġ-ṫeaċ anois,” arsa Mac Conglinne.