agus suas i bpollaiḃ mo ṡróna i dtreó go raḃas leaṫ ṁúċta, leaṫ ṫaċtaiṫe, aige, agus mé ag cneadaiġ agus ag casaċtaiġ, agus mo ṗus sínte amaċ agam agus mé ag séideaḋ an ime as mo ḃéal, agus gaċ aon tsraeḋ agam, agus iad-san, i n-inead aon truaġ ḃeiṫ acu ḋom, ag tuitim ar a gcosaiḃ le neart gáiriḋe.
""Ó!” arsa mise, ċóṁ luaṫ agus d’ḟéadas aon ḟocal cainte ṫaḃairt liom, “táim réiḋ! Tá deire liom! Tá mo ġnó déanta! Tá mo ṗort seinnte! Táim taċtaiṫe, múċta, imearṫa!” - agus sraeḋ, no séideaḋ, nó cnead, nó casaċtaċ ag teaċt asam idir gaċ aon dá ḟocal.
"Aċ b’ṡin mar ba ṁó a ċuadar ins na triṫíḃ. Nuair a ḃíoḋ duine acu ag teaċt ċuige féin agus ’ġá ċuiṁneaṁ gur ċeart caḃair nó congnaṁ éigin a ṫaḃairt dom, níor ġáḋ ḋó aċ feuċaint orm, agus éist- eaċt liom, nuair a ḃíoḋ sé caiṫte ar an dtalaṁ airís ’ġá iomlosg féin agus gaċ aon liúġ ġáirí ag teaċt as i dtreó gur ḋóiċ leat go gcaillfeaḋ sé an t-anam.
"Aċ ḃíos ag teaċt ċugam féin gan aon ċongnaṁ uaṫa, agus fé mar a ḃíos ag teaċt ċugam féin ḃí fearg ag teaċt orm ċuca.
""Airiú,” arsa mise, “an ḃfuil ionaiḃ aon rud a ḋéanaṁ aċ gáiríḋe? B’ḟéidir go mbainfí an fonn gáiriḋe ḋíḃ mura stadaiḋ siḃ uaiḃ féin. Beirtear ċun an Ḟáṫléaġa mé láiṫreaċ!"
"Do stad an sult. Ṁoṫuiġeadar an ḟearg orm. Do rugadar i láṫair an Ḟáṫléaġa mé. Aċ ba ḋóiċ leat go dtaċtfaí iad a d’iaraiḋ gan gáire ḋéanaṁ nuair ḟeuċaidís orm."