100
Ṫáinig aṫruġaḋ mór air de réir a ċéile i ngan ḟios dó. Na sean-ġnása ċleaċtaiġ sé sul ar sgar sé leis an gcaṫair i gcéadóir, ṫosuiġ sé ar a gcleaċtaḋ an aṫ-uair. An tsean-dúil a bí aige i ndeasaiḃ an tsaoġail do haiṫḃeóḋaḋ í .... agus ċuaiḋ an ceárdaiḋe i ndonaċt i n-aġaiḋ an lae, má ḃí meas mór ag an bpobal féin air.
Ṫug an rí cuairt eile air, aċt níorḃ’ é an fear céadna ḃí ann roiṁe an uair sin is ḃí roiṁe san doire coille. Ċuala sé go raiḃ an saoṫar mór dá dtug sé a ċroiḋe i n-áġ le ḃeiṫ críoċnuiġṫe aige. Ní raiḃ ceárdaiḋe fáġta aca leis an teampall uasal a tóigeál i n-onóir do Ḋia an ċogaiḋ a ṁaisiuġaḋ; an ḃféadfaḋ seisean an saoṫar mór a ḃí ar láiṁ aige féin, a aṫruġaḋ ar an dóiġ seo agus ar an dóiġ sin agus ar ḋóiġ eile? Fuair sé cáirde trí lá le maċtnaṁ a ḋéanaṁ ar an sgéal, aċt dá ḋonaċt dá raiḃ sé do ḋiúltóċaḋ sé ḋóiḃ aon aṫruġaḋ a ḋéanaṁ ar a ċuid oibre maraċ an ḃean.
Ór le caiṫeaṁ ḃí uaiṫi siúd.
“Tá do ṡaoṫar go háluinn,” ar sí, “agus cá ḃfuiġfiḋe áit níos oireaṁnaiġe le saoṫar uasal dealḃadóireaċta a ċur ná i dteampall mór i bpríoṁċaṫair do ṫíre? Agus ní ḃeiḋ ort aon aṫruġaḋ a ḋéanaṁ air aċt aṫruġaḋ suaraċ....”
Níor ṫráċt sí ar an duais ṁóir a ġeall an rí ḋó ar ċor ar biṫ!
Do ġéill an fear don ṁnaoi.
“Ní fios dúinn cé na coirṫe millteaċa eile ḋéanfaḋ a leiṫéid dá mbeaḋ clann air,” ars’ an sean-uġdar Síneaċ agus gráin aige ḋó.
***
Críoċnuiġeaḋ an saoṫar mór faoi ḋeireaḋ. Cuireaḋ ’na ṡeasaṁ san teampall é, aċt ní raiḃ sé de ċead ag aon neaċ dul ag féaċaint air go noċtóċaḋ an rí é don tsluaġ i dtosaċ.