Brollaċ.
Ní rigmíd a leas mórán de leiṫsgéaltaiḃ do ṫaḃairt uainn fán leaḃar so do ċur le ċéile. Ṫárla a ġein ann na bliaḋanta ó ṡoin nuair a ḃí caint agus cogar idir luċt leaḃar na Gaeḋilge fá ḋéantúsaíḃ “an Ultaiġ Ḃeadaiḋe” i ḃFáinne an Lae. Do caintiġeaḋ agus do cograḋ eatorra súd gur ṁaiṫ an t-aḋḃar leaḃair na déantúsaí seo do luaiḋeamar, aċt beagán do ċur leó as “Leaḃar Ċloinne Raġnaill,” ó ṫárla ḋóiḃ féin a ḃeiṫ ró-ġiorrtaċ le n-a aġaiḋ sin. Ní dearnaḋ dadaṁ, áṁṫaċ. Ḋá ḟáiṫċéill a ḃí leis sin, is dóċa: A haon díoḃ .i. loċt gnáṫaċ na gcoisdí ar luċt leaḃar na haimsire sin mar a ḃíos indiu féin ar a slioċt .i. cur ar cáirde agus cur ar gcúl ó ċruinniuġaḋ go cruinniuġaḋ nó go gcailltear aṁarc agus smaoineaḋ ar an gcuspóir do ḃí rómpa agus le n-a linn sin sáirḟios aca ar ḃríġ an tseanḟocail “cur ar cáirde, cur naċ feáirrde"; agus a dó .i. failliġe agus fuaire an uġdair féin i n-a ḋéantúsaíḃ ar ċuma nár ċuir sé riaṁ isteaċ iad le haġaiḋ a gclóḃuailte — tá an loċt mór sain air fós go dtí an lá atá indiu ann agus a ráḋ go ḃfuilid froṁṫa a ḋá ḋéantús i n-a ṡeilḃ gus an am so i láṫair agus nár smaoin sé riaṁ ar a gcur ṫar a n-ais ċugainn ceartuiġṫe piocṫa sgiomarṫa ó n-a láiṁ oilte féin!
Aċt ní beag liom de sin. Ceist anois. Cé hé “An tUltaċ Beadaiḋe”? Tá, Eoin Ṁac Néill, fear go ḃfuil a ainm i mbéal a láin. Do ḋeaċtuiġ sé sin “Caiṫréim Alasdair Ṁic Ḋoṁnaill” i gcoṁair Fáinne an Lae fá mar do ṫáinig amaċ ar na dátaíḃ seo .i. Aibreán 16 agus Bealtaine 14, 1898.
v