agus tiocfaimíd anso ċugat arís nuair a ṫiocfaiḋ an oiḋċe. Taḃair aire ṁaiṫ ḋi, agus taḃarfar do ṫuarasdal go maiṫ ḋuit."
"Déanfad, a uaisle,” arsa’n ḃean aḃrais.
Ansan d’imṫiġeadar.
10. - SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.
X.
Ṫáinig an lá. Ċóṁ luaṫ agus ḃí sé ’n-a lá ġeal do ṫarring an ḃean aḃrais an biorán suain a’ ceann an ċailín. Ṫáinig a meaḃair do’n ċailín láiṫreaċ, agus a ciall, agus d’eiriġ sí. D’aiṫin sí an ḃean aḃrais. D’innis sí do’n ṁnaoi aḃrais conus mar a tugaḋ deoċ éigin di a ḃain a meaḃair di agus ná feidir sí cá raiḃ sí as san amaċ, go dtí go dtáinig a meaḃair di agus í ar a leabaiḋ ag an mnaoi aḃrais.
Ṫug an ḃean aḃrais rud le n-iṫe agus le n-ól di. Ansan, ċóṁ luaṫ agus ḃí an biaḋ agus an deoċ caiṫte aici, agus í láidir a dóiṫin ċun gluaiste, ċuir sí clóca léi féin uirṫi, agus ċuir sí caipín an ċlóca amaċ ar a ceann, i dtreó ná féadfaḋ aoinne a h-aġaiḋ a ḋ’ḟeis- gint. Ansan do ḃuail an ḃeirt amaċ agus ṫánadar go tiġ muintire an ċailín. D’innis an ḃean aḃrais do’n aṫair agus do’n ṁáṫair an sgéal go léir tríd