’n-a codlaḋ. Ag maċtnaṁ di ansan orṫa, agus ’ġá dtaḃairt ċun a cuiṁne, do ṫuig sí ’n-a h-aigne ná feacaiḋ sí riaṁ ’n-a súiliḃ cinn mná ba ḃreaġṫa ’ná iad; aċ b’í an t-oċtṁaḋ bean, an ḃean a cuireaḋ sa leaḃaiḋ, an ḃean ba ḃreaġṫa ḋíoḃ go léir. D’ḟéaċ- adar go léir, an ṁórṡeisear, breaġ ṫar na beartaiḃ go dtí gur ċuiṁniġ sí i gceart ar an mnaoi a ṫug sí as an laige. Mná breaġṫa, mná fíor-ḃreaġṫa, a b’eaḋ an ṁórṡeisear, dá mba ná beaḋ ann aċ iad. Aċ i n-aice na mná a ḃí sa leabaiḋ mná gránna a b’eaḋ iad.
Aċ cé’r an ḃean áluinn óg a ḃí sa leabaiḋ? Agus cad fé ndeara do’n lagaċar úd teaċt uirṫi? Agus cad fé ndeara ḋi gan aon ḟocal do laḃairt? Nó cad a ṫug ann i n-aon ċor í? Níor ḋeaḃruiġ sí gur ḃain sí leis an gcuid eile acu. Ba ḋóiċ le duine orṫa gur ḃ’aṁlaiḋ a fuaradar lasmuiċ i n-áit éigin í, agus í sa ḃfanntais, agus gur ṫugadar leó isteaċ í ċun í ṫaḃairt as an ḃfanntais. Sin mar a ḃí an ḃean aḃrais ag maċtnaṁ ar an sgéal, agus é ag teip uirṫi tón ná ceann ḟáġail air. B’éigen di eiriġe as.