inti, gur ḃ’í a ḃí tar éis ḃáis. Aċ na daoine eólguis- eaċa tuisgionaċa a ḃí ann, ḃí ḟios acu go maiṫ gur ḃ’í an iarlis a ḃí tar éis ḃáis, agus gur ḃ’aṁlaiḋ a fuaduiġeaḋ an inġean áluinn.
10.—SLIAḂ NA MBAN ḂFIONN.
III.
Ḃí bean ’n-a cóṁnuiḋe ag bun an tsléiḃe, ar an dtaoḃ ṫeas. Bean aḃrais a b’eaḋ í. Do curtí olann ċuici isteaċ ó’n dtír mór-ṫimċeall, agus ḋeineaḋ sí an olann do ċíoraḋ agus do ġlanaḋ agus do ṡlámaḋ agus do ṡníoṁ; agus nuair a ḃíoḋ a snáṫ toċraiste aici ’n-a ċeirṫlíniḃ deasa cruinne cruaḋa, ċuireaḋ sí a-ḃaile é ag triall ar an muintir go mba leó é, agus do curtí ag triall ar an ḃfiġeadóir é, agus deintí bréid de. Ansan do ḋeineaḋ an táilliúir casóg de d’ḟear an tiġe, nó cóta mór, nó do ḋeineaḋ bean an tiġe clóca ḋi féin de; agus gaċ aoinne a ċíoḋ an ċasóg nua ar an ḃfear nó an clóca ar a ṁnaoi, deiridís: “Go mairir agus go gcaiṫir é!”
Uaireanta ḃíoḋ ní ba ṁó de’n olann ag an mnaoi aḃrais ’ná mar ḟéadaḋ sí a ċíoraḋ agus a ṡlámaḋ agus do ṡníoṁ i gcaiṫeaṁ an lae, agus b’ḟéidir an ṁuintir go mba leó é ’ġá ḟiafruiġe cad fé ndear