7
6.—“Prioc mé agus beiḋ spórt againn!”
Timċeall ċeiṫre fiċid bliaḋan ó ṡin ḃí ’n-a ċóṁnuiḋe i gCarraig an Ime amadán gur ḃ’ainm dó Séamus. Ḃíoḋ áilteoirí garsún ag imirt air nuair a ġeiḃdís i n-aon áit ṗoibliḋe é.
Ṫáinig sagart iasaċta ċun na paróiste. Ḃí sé lá Doṁnaiġ ag taḃairt Aifrinn uaiḋ i gCarraig an Ime. Do ṫárla go raiḃ Séamus sa ṗobul. I lár an Aifrinn do ṗrioc buaċaill éigin Séamus. Ċuir Séamus béic uaṫḃásaċ as. Ċrom gaċ aoinne a ċeann. I gceann tamaill do ṗrioc duine eile an t-amadán. Ċuir an t-amadán béic eile as ba ṫreise agus dob’ aoirde ’ná an ċéad ḃéic. D’iompuiġ an sagart agus do laḃair sé. Ṫug sé aġaiḋ ḃéil ar an bpobul go fíoċṁar agus go feargaċ. Do ċas sé leó an peacaḋ a ḃí acu ’á ḋéanaṁ le gan iad féin d’iompar istiġ i dtiġ Dé agus an t-Aifreann ar siuḃal. Nuair a ḃí a ċaint déanta aige d’iompuiġ sé arís ċun na h-altóraċ agus do lean sé ar an Aifreann. Ḃí gaċ aoinne ciúin. Ḃí náire ar an muintir a ḃíoḋ ag priocaḋ an amadáin. D’ḟéaċ an t-amadán ’na ṫimċeall. Ní ḟéaċfaḋ aoinne air. Ḋruid sé anonn ċun duine des na buaċail- líḃ agus ṫug sé sáḋ d’á ġualainn faoi. Níor ċuir an buaċaill blúire suime ann. Ḋruid sé ċun buaċalla eile agus ṗrioc sé é go maiṫ géar. Níor ċuir an buaċaill sin aon tsuim