AG SÉIDEAḊ AGUS AG IṪE.
1.—BÍ-SE AG SÉIDEAḊ AN ḞAID A ḂÉAD-SA AG IṪE.
Ḃí Máire agus Nóra ’n-a gcóṁnuiḋe i mboṫáinín. Nuair a ḃíoḋ Máire breoite ṫugaḋ Nóra aire ḋi, agus nuair a ḃíoḋ Nóra breoite ṫugaḋ Máire aire ḋi.
Lá áiriṫe d’á raḃadar ’ġá n-ollṁú féin ċun a mbrecfaist do ċaiṫaṁ ḃí Nóra ag beiriú uisge i gcóir an tae. Do ṡleaṁnuiġ an citeal uaiṫi agus do doirteaḋ an t-uisge teiṫ ar a láiṁ, agus do loisgeaḋ an láṁ. Ḃí an láṁ ana ṫeinn. Nuair a ḃí sí ag iṫe a cuid ḃíḋ, ḃíoḋ sí a d’iarraiḋ ḃeiṫ ag séideaḋ ar an láiṁ ċun an teinnis do ṁaolú agus a d’iarraiḋ ḃeiṫ ag iṫe idir gaċ aon dá ṡéideaḋ. Ḃí an obair sin ag teip uirṫi. Fé ḋeireaḋ do laḃair sí. “Seo, a Ṁáire,” ar sisi, “bí-se ag séideaḋ an ḟaid a ḃéad-sa ag iṫe!” agus do ṡín sí amaċ an láṁ ṫeinn ċun Máire.
Is minic a deintear rud de’n tsórd san i ngnóṫaiḃ eile.