Jump to content

Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/61

From Wikisource
This page has not been proofread.

57

39.—AN FEAR AGUS AN t-AṪAIR NIṀE.

Ḃuail an fear amaċ ó n-a ṫiġ féin maidean ṡeaca. Ḃí an ṁaidean ana ḟuar agus an sioc ana ḟada síos sa talaṁ. Ċonnaic an fear aṫair niṁe fé sgairt agus é geall leis marḃ ó’n ḃfuaċt. Ṫóg sé ar a ḃacalainn é agus ṫug sé leis isteaċ é, agus 5 ċuir sé ar lic an tinteáin é i n-aice na teine. Nuair a ċuaiḋ teas na teine fé’n aṫair niṁe ṫáinig sé ċuige féin. Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig aon neart ann, is é céad rud a ḋein sé ’ná iompáil go fíoċṁar ar an ḃfear a ṫug isteaċ as an ḃfuaċt 10 é, agus mura mbéaḋ a ṫapaṁlaċt do léim an fear uaiḋ ḃí an ḟiacal niṁe curṫa aige ann. Do ṁairḃ an fear é le buille de’n ursail a ḃí ’n-a láiṁ aige.

“Naċ maiṫ an gnó a ḃí agam,” arsa’n fear, 15 “at’ ṫaḃairt isteaċ as an sioc agus ag banal- tranas ort ar lic mo ṫinteáin féin go dtí gur ṫugas ṫar n-ais ó’n mbás tú!”

An Múineaḋ.

An t-é go ḃfuil an droċ-ṁianaċ ann tais- 20 beánfaiḋ sé é do ċaraid nó do naṁaid, agus is cum leis cé ’cu.

Má’s duine aṫtruaġaċ tú, seaċain agus ná bíoḋ aon truaġ agat do’n aṫair niṁe. Cuirfiḋ sé, má ḟéadann sé é, fiacal niṁe sa láiṁ a ḟaor 25 ó’n mbás é.

An ċroċ do’n ċuirpṫeaċ, le truaġ dos na daoine macánta.