11
liom-sa do ṁarḃuġaḋ. Leig m’anam liom agus10 cúiteóċad leat é lá éigin!”
Ċuir sé sgeartaḋ gáire as, agus ṫóg sé an lapa ḋi.
“Táim ana ḃuiḋeaċ ḋíot, a ríġ,” ar sise, “agus go deiṁin ní ḟágfad an deiġ-ġníoṁ gan cúiteaṁ15 leat!”
Níor ḋein fé aċ gáire eile ċur as agus síneaḋ arís. D’imṫiġ an luiċín.
Tamall ’n-a ḋiaiġ san do ṫárla go raiḃ an leóṁan ag gaḃáil tríd an gcoill agus gur rugaḋ20 air i líontaiḃ a cuireaḋ ann, d’aon ġnó, ċun beirṫe air. Nuair a fuair sé go raiḃ beirṫe air go daingean agus ná raiḃ aon ḃreiṫ aige ar é féin a ḋ'ḟuasgailt, ċuir sé búirṫ as i dtreó gur ċriṫ an ċoill go léir. D’airiġ an luiċín an25 ḃúirṫ agus siúd fé ḋéin na h-áite í. Ċonnaic sí an leóṁan ceangailte go daingean ins na líontaiḃ.
“Ná bíoḋ ceist ort, a ríġ,” ar sise. “Déan- fad-sa an rud a ġeallas duit.”
Ṫáinig sí ċun na h-áite ’n-a raiḃ an snaiḋm30 bunaiḋ, an snaiḋm ar a raiḃ na snaiḋmeana eile go léir ag braṫ. Ċrom sí ar an snaiḋm sin do ġearraḋ le n-a fiacalaiḃ. Ḃí taiṫiġe aici ar an saġas san oibre. Tar éis tamaill do ḃog an tsnaiḋm. Ba ġearr gur ṫuit na ceangalaċa35 go léir as a ċéile agus gur ġluais an leóṁan ag léimriġ ar fuid na coille.
“Seaḋ!” ar seisean. “An rud nár ḟéad mo
neart-sa go léir a ḋéanaṁ, do ḋein fiacal na