Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/96

From Wikisource
This page has been proofread.

Lig Little Chandler dó cur neart uisce tríd a uisce beatha.

“Ní léir duit do leas, a bhuachaill,” ar Ignatius Gallaher. “Ólaim mo chuidse ar a aghaidh.”

“Déanaim nós de ól fíorbheagáin,” ar Little Chandler go humhal. “An leathghloine corr nó mar sin nuair do chasaim le duine den tseandream: sin an méad.”

Ah, well,” ar Ignatius Gallaher go sona, “ólaimis ár sláinte agus sláinte an tseansaoil agus an tseanaitheantais.”

Clingeadar gloinní agus d’óladar.

“Chasas le roinnt den tseandream inniu,” ar Ignatius Gallaher. “Tá cuma na droch-chaoi ar O’Hara. Céard atá ar siúl aige?”

“Dada,” “d’imigh an diabhal air.”

“Ach tá post breá ag Hogan, nach bhfuil?”

“Tá; tá sé fostaithe ag Coimisiún na Talún.”[1]

“Bhuaileas leis oíche amháin i Londain agus bhí an chosúlacht air go raibh raidhse airgid aige... O’Hara bocht. An t-ól, is dóigh?”

“Rudaí eile lena chois sin,” a chaith Little Chandler.

Lig Ignatius Gallaher gáire.

“Tommy,” ar sé, “feicim nár tháinig athrú dá laghad ort. Taoi díreach mar a bhís nuair a thugtá léacht dom gach maidin Dé Domhnaigh agus cloigeann tinn orm agus screamh ar mo theanga. Ba cheart duit cuid den domhan a shiúl. An raibhis riamh ar turas thar lear?”

  1. (The Land Commission) Eagraíocht Stáit a bunaíodh chun Acht na Talún 1881 a chur i bhfeidhm. Thug an acht seo cearta áirithe d’fheirmeoirí beaga na tíre a thug talamh ar cíos ó thiarnaí móra talún. Is beag feabhas a tháinig ar shlí bheatha chosmhuintir na hÉireann mar gheall ar an acht seo áfach, agus d’fhéadfá rá gur chur sé lena mbochtanas go fiú.