“Agus cén áit ar landáil tú í, Corley?” a d’fhiafraigh sé.
Ligh Mac Toirdhealbhaigh a bhéal uachtarach i bpreabadh na súl.
“Oíche amháin, bhíos ag siúl síos Sráid an Dáma agus leagas súil ar raiteog bhreá faoi chlog Waterhouse agus bheannaíos di, an bhfuil a fhios agat? Is amhlaidh gur chuamar ar siúlóid feadh na canála agus deir sí liom gur chailín aimsire í i dtigh ar Shráid Bhagóid. Chuireas mo lámh thairsti agus bheireas barróg uirthi an oíche sin. An Domhnach dár gcionn, a bhuachaill, bhí coinne agam léi. Chuamar amach go Domhnach Broc agus thugas isteach i ngort ann í. Dúirt sí liom go mbíodh sí ag dul amach le Fear bainne... bhí sé togh, a bhuachaill. Toitíní a thugadh sí liom gach oíche agus d’íocadh sise an turas ar an traein thall is abhus. Agus meas tú céard a thug sí dhom oíche amháin, ach dhá cigar! An fíor-rud féin go deimhin, an bhfuil a fhios agat? Na cinn a chaitheadh an seanleaid. Bhí eagla orm, man, go n-éiríodh sí torrach, ach bhí sí críonna cliste ar na dóigheanna le sin a sheachaint.”
“B’fhéidir go gceapann sí go bpósfaidh tú í,” a dúirt Lenehan.
“Dúras léi go rabhas ar díth fostaíochta,” a dúirt Corley. “Dúras léi go rabhas le Tigh Pim roimhe sin. Ní fios di cad is ainm dom. Bhí an iomarca baoil ag baint le sin a rá léi. Ach measann sí go bhfuilim sách galánta, an bhfuil ‘fhios agat?”
Rinne Lenehan gáire arís: gáire ciúin.
“De na heachtraí ar fad dár chualas riamh, buaileann sin gach aon cheann eile gan aon agó.”
Thug siúl scóipiúil Corley le fios gur thaitin an moladh leis.